Is músaem suite sa London Borough of Harrow é Músaem HarrowHeadstone Manor Museum. Tá sé suite ar eastát an Headstone Manor. Bíonn idir thaispeántais shealadacha agus bhuanbhailiúchán faoi stair an cheantair sa músaem. Tá ceithre fhoirgneamh ann, mar atá Headstone Manor, an Ghráinseach, an Scioból Deachúna agus an Scioból Beag. Tá na foirgnimh seo go léir liostaithe agus tá suíomh an mhúsaeim ar fad ina shéadchomhartha ársa sceidealaithe. Tá taifid ar na struchtúir ann a théann siar go dtí an bhliain AD 825 agus tógádh an mainéir sa bhliain 1344.

An Scioból Deachúna ag Músaem Harrow

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar