Is é Maamme, nó Vårt land sa bhunteanga, amhrán náisiúnta na Fionlainne. B'é Johan Ludvig Runeberg a chum na focail, agus chuir Fredrik Pacius an fonn leo. As Sualainnis a scríobh Runeberg an dán, ach ansin, chuir Paavo Cajander Fionlainnis air. Chualathas an t-amhrán go poiblí an chéad uair ar Mhachaire Gumtäkt (i gceantar Kumpula i Heilsincí an lae inniu), ar an tríú lá déag de Mhí na Bealtaine sa bhliain 1848. Tá aon cheathrú déag sa dán, ach is iad an chéad cheann agus an ceann deireanach an t-amhrán náisiúnta oifigiúil.

WD Bosca Sonraí Saothar CeoilMaamme

Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm cheoilamhrán náisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Sámpla ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Tonúlachtmórghléas B-maol Cuir in eagar ar Wikidata
CumadóirFredrik Pacius
LeabhrógaíJohan Ludvig Runeberg
LiriceoirJohan Ludvig Runeberg
Céadléiriú
Céadléiriú13 Bealtaine 1848
Musicbrainz: 2732f346-d227-38a3-a07b-f5411faedff9 Cuir in eagar ar Wikidata


An Téacs Fionlainnise cuir in eagar

1)Oi maamme, Suomi, synnyinmaa,
soi sana kultainen!

an ceithre líne seo thíos le rá faoi dhó:

Ei laaksoa, ei kukkulaa,
ei vettä rantaa rakkaampaa
kuin kotimaa tää pohjoinen,
maa kallis isien.
2)Sun kukoistukses kuorestaan
kerrankin puhkeaa;

le rá faoi dhó:

viel' lempemme saa nousemaan
sun toivos, riemus loistossaan,
ja kerran laulus, synnyinmaa,
korkeemman kaiun saa.

An Téacs Sualainnise cuir in eagar

1)Vårt land, vårt land, vårt fosterland,
Ljud högt, o dyra ord!

le rá faoi dhó:

Ej lyfts en höjd mot himlens rand,
Ej sänks en dal, ej sköljs en strand,
Mer älskad än vår bygd i nord,
Än våra fäders jord.
2)Din blomning, sluten än i knopp,
Skall mogna ur sitt tvång;

le rá faoi dhó:

Se, ur vår kärlek skall gå opp
Ditt ljus, din glans, din fröjd, ditt hopp,
Och högre klinga skall en gång
Vår fosterländska sång.

An bhrí as Gaeilge cuir in eagar

1) "Tír ár ndúchais, ár máthairthír" -
go gcluintear macalla na bhfocal ionúin sin go fairsing!
Ní fheictear aon chnoc os comhair na spéire,
ná aon ghleann á oscailt, ná aon chladach á ní ag an bhfarraige
a thuillfeadh grá níos mó ná ár dtír thuaidh,
ná talamh ár sinsear
2) Má fhanann do bhláth dúnta go fóill,
gheobhaidh sé saoirse i ndeireadh an lae.
Féach, is é ár ngrá a ardóidh
do sholas, do loinnir, d'áthas is do dhóchas
agus ansin, bainfidh ceol an tírghrá
macalla níos airde ná anois.