Maine mac Cearbhaill
Rí Uisnigh de Chlann Cholmáin, géag d'Uí Néill an Deiscirt ba ea Maine mac Cearbhaill (Sean-Ghaeilge Maine mac Cerbaill) (bás 538). Fergus Cerrbél, garmhac Conaill Criomhthainn (died 480), ba ea a athair, agus an tArdrí Diarmaid (died 565) a dheartháir.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 520 go dtí 538.[2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 538 |
Teaghlach | |
Teaghlach | Uí Néill |
Athair | Fergus Cerrbél (?) |
Cloíodh agus maraíodh Maine i gCath Claenloch (gar do Chineál Aodha, Contae na Gaillimhe) ag Goibhneann mac Conaill de mhuintir Uí Fhiachrach Aidhne.[3][4] Bhí Maine ag iarraidh gialla a éileamh ó chlann Uí Mhaine. Mar thoradh an chatha seo, tháinig Uí Mhaine faoi ghéillsine na gConnacht, agus Cineál Mhaine as Tethba faoi ghéillsine Uí Néill an Deiscirt.[5] D'fhéadfadh é gur tharla an cath seo ar bhruach Loch Chléithe, gar don Chéide i gContae Ard Mhacha. Más fíor, cuireann seo in úil gurbh as na críocha taobh ó thuaidh den Bhóinn agus an Blackwater í clann Diarmada mhic Cearbhaill.[6]
Féach freisin
cuir in eagarFoinsí
cuir in eagar- Corpus of Electronic Texts
- Annála Tiarnaigh
- Annála Uladh
- Leabhar Laighneach, Rig Uisnig
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, lch. 282
- ↑ Tugtar réimeas dhá bhliain déag dó sa Leabhar Laighneach, liosta Rig Uisnig
- ↑ Annála Uladh, AU 538.2
- ↑ Annála Tiarnaigh 537.1
- ↑ Byrne, lch. 92
- ↑ Byrne, lch. xvii