Mais chriticiúil (fisic)

An méid is lú d'ábhar ineamhnaithe is gá a bhrú i gcruth ar leith chun imoibriú slabhrúil núicléach a choimeád ar siúl. Is é atá in imoibriú slabhrúil ná eamhnú i núicléis de ghlúin amháin a tháirgeann neodróin ó na himoibrithe eamhnaithe, a chuireann tús lena thuilleadh eamhnaithe, ar a laghad, den oiread céanna núicléas don chéad ghlúin eile. Imoibriú féinchoimeádta a bhíonn mar thoradh. Sa phróiseas seo, scaoiltear an-chuid fuinneamh teasa is radaíochta amach i gcodán beag de shoicind. I gcás sféar úráiniam-235, ba é 52 kg an mhais chriticiúil, agus trastomhas 17.4 cm ag an sféar sin.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Mais chriticiúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 434.