Maputo

príomhchathair Mhósaimbíc

Is cathair í Maputo, príomhchathair Mhósaimbíc agus an chathair is mó sa tír. Tá Maputo suite ar an Aigéan Indiach. Tá rian ré na coilíneachta fós le feiceáil go láidir air. Tá cuid mhaith den chathair cosúil go leor le cathracha na Portaingéile. Sa bhliain 2007, bhí 1,766,184 duine ina gcónaí i mórcheantar na cathrach.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilMaputo

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 25°54′55″S 32°34′35″E / 25.9153°S 32.5764°E / -25.9153; 32.5764
StáitPoblacht Mhósaimbíc Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán1,133,200 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús3,267.87 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla346.77 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceMaputo Bay (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Airde47 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1781
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist0101-01, 0101-02, 0101-03, 0101-04, 0101-05, 0101-06, 0101-07, 0101-08, 0101-09, 0101-10, 0101-11, 0102-01, 0102-02, 0102-03, 0102-04, 0102-05, 0102-06, 0102-07, 0102-08, 0102-09, 0102-10, 0102-11, 0103-01, 0103-02, 0103-03, 0103-04, 0103-05, 0103-06, 0103-07, 0103-08, 0104-01, 0104-02, 0104-03, 0104-04, 0104-05, 0104-06, 0104-07, 0104-08, 0104-09, 0104-10, 0104-11, 0105-01, 0105-02, 0105-03, 0105-04, 0105-05, 0105-06, 0105-07, 0105-08, 0105-09, 0105-10, 0105-11, 0105-12, 0105-13, 0105-14, 0106-01, 0106-02, 0106-03, 0106-04, 0106-05, 0107-01, 0107-02 agus 0107-03 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód21 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód ISO 3166-2MZ-MPM Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáincmmaputo.gov.mz Cuir in eagar ar Wikidata
An calafort i Maputo

Téann fréamhacha na cathrach siar go dtí na chéad chuairteanna a thug taiscéalaithe ón bPortaingéil san áit ag tosnú sa bhliain 1544. Scrios bundúchasaigh an réigiúin na dúnfoirt agus tithe trádála a bhunaigh na Portaingéalaigh ann. Faoin bhliain 1850, bhí baile Portaingéalach seasmhach ar siúl acu. Lourenço Marques ainm an bhaile anuas go dtí Feabhra, 1976 nuair a athbhaisteadh an chathair Maputo as an Abhainn Maputo. Bhí a neamhspleáchas bainte amach ag an Mósaimbic i mí Mheithimh, 1975. D'imigh breis is ceathrú milliún duine de shliocht Portaingéalach agus Eorpach ó Maputo go gairid ina dhiaidh sin.

Baineann cuid mhór de gheilleagar Maputo leis an bport. Táirgtear stroighin, rubar, earraí potaireachta, bróga agus troscán sa chathair chomh maith.