Marie d'Agoult
Scríbhneoir aistí agus staire Francach ab ea Marie d'Agoult nó Marie Catherine Sophie de Flavigny, comtesse d'Agoult (31 Nollaig 1805 – 5 Márta 1876). Rugadh í in Frankfurt-am-Main agus shíothlaigh sí i bPáras. Scríobh sí faoin ainm cleite Daniel Stern.
Marie d'Agoult | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Ainm iomlán | Marie Catherine Sophie de Flavigny |
Eolas breithe | Frankfurt, 31 Nollaig 1805 |
Náisiúntacht | Frainc |
Teanga dhúchais | an Fhraincis |
Bás | Páras, 5 Márta 1876 |
Áit adhlactha | Reilig Père-Lachaise |
Muintir | |
Athair | Vicomte Alexandre Victor François de Flavigny |
Máthair | Elisabeth de Flavigny |
Céile/Céilí | Charles Louis Constant d'Agoult (en) ![]() |
Páirtí/Páirtithe | Franz Liszt |
Páistí | liosta iomláin |
Oideachas | |
Teangacha | an Fhraincis |
Gairm | |
Gairm | scríbhneoir, salonnière (en) ![]() |
Duaiseanna | Prix Thérouanne (1873) |
Sloinnte | Daniel Stern agus J. Duverger |
![]() |
BeathaisnéisCuir in Eagar
Rugadh d'Agoult do Victor François de Flavigny (1770-1819), fear d'uaisle na Fraince a theith an tír le linn Réabhlóid na Fraince agus do Maria Elisabeth Bethmann (1772-1847), bean Phrotastúnach, de theaghlach uasal de bhunús na Gearmáine.[1] D'fhill an teaghlach go dtí an Fhrainc tamall i ndiaidh bhreith Maria. Ó 1819 go 1821, fuair sí a cuid oideachais i gclochar na Sœurs du Sacré-Cœur de Jésus in Áras Biron (Músaem Rodin inniu).
Phós sí an Cunta Charles Louis Constant d’Agoult (1790-1875) agus saolaíodh beirt iníonacha dóibh, Louise (1828-1834) agus Claire (1830-1912). Bhí caidreamh suirí aici le Franz Liszt a thosaigh nuair a bhí sise 28 bliana d'aois agus eisean 6 bliana ní ba óige. Bhí triúr páistí acu. Blandine (1835–1862), chéad bhean Émile Ollivier, príomh-aire na Fraince i ndiaidh a báis in aois a 26 bliana, Cosima (1837–1930), a phós cumadóir agus stiúrthóir ceoil Hans von Bülow agus ansin Richard Wagner, agus Daniel (1839–1859), sárphianadóir a d'éag go hóg leis an eitinn. Chuir d'Agoult agus Liszt fúthu sa Ghinéiv sa bhliain 1835. Chaith siad na blianta 1837–1839 ina gcónaí i roinnt áiteanna san Iodáil.
Bhí d'Agoult mór le George Sand agus go mó faoina tionchar, ach caidreamh neamhchairdiúil a bhí acu go minic. Cuireadh Marie d'Agoult i Reilig Père-Lachaise i bPáras.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Claus Helbing: Die Bethmanns. Aus der Geschichte eines alten Handelshauses zu Frankfurt am Main. Gericke, Wiesbaden 1948.
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |