Marlene Dietrich
B'amhránaí agus aisteoir Gearmánach í Marlene Dietrich (27 Nollaig 1901 – 6 Bealtaine 1992). Ba réalta í le linn an Dara Cogadh Domhanda agus na blianta ina dhiaidh. Bhain sí cáil amach sna 1940idí leis an amhrán, "Lili Marlene",
Tús a shaoilCuir in Eagar
In Schöneberg, sa Ghearmáin, a rugadh í agus d'fhás sí aníos i mBeirlín. . Bhí fonn uirthi bheith ina veidhleadóir ar dtús. Ach d'éirigh sí ina haisteoir, i dtús báire san amharclann, faoi stiúr Max Reinhardt.
Bhí an phríomhpháirt ar an scáileán mór sa scannán Der Blaue Engel (1930).[1] Damhsóir i "gentleman's club" ba ea í (Lola Lola).
An cogadhCuir in Eagar
Shínigh sí conradh le Paramount Studios agus d'aistrigh sí go Hollywood sa bhliain 1930. Níorbh fhada nó go raiibh Dietrich ag glacadh páirt i mórscannáin, faoi stiúr Josef von Sternberg.
Cúpla bliain níos déanaí, bhris an Dara Cogadh Domhanda amach. Bhí an ghráin aici ar na Naitsithe. Chas sí amhráin mhothúchánacha gan scáth gan náire agus thaitnigh a bhealach thar cionn le lucht an airm ar fud an domhain.
Is as an dtréimhse sin a tháinig an t-amhrán cáiliúil sin, "Lili Marlene", amhrán a bhain ardmheas amach ar gach taobh den láir chatha, idir Chomhghuaillithe agus Naitsíoch.
Níos déanaíCuir in Eagar
Tar éis an chogaidh, chaith sí cuid mhór dá ham sa saol chabaret, ag seinm agus ag taistil na cruinne.
Cliseadh duán ba thrúig bháis di sa bhliain 1992 i bPáras na Fraince.
LeabhairCuir in Eagar
- Dietrich, Marlene (1962). "Marlene Dietrich's ABC". Doubleday.
- Dietrich, Marlene (1979). "Nehmt nur mein Leben: Reflexionen". Goldmann. ISBN 3-442-06327-2
- Dietrich, Marlene (1989). "Marlene". Grove Press. ISBN 0-8021-1117-3
- Dietrich, Marlene (1990). "Some Facts About Myself". ISBN 3-89322-226-X
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ "Marlene Dietrich". IMDb. Dáta rochtana: 2021-05-06.
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |