Maureen O'Hara

ban-aisteoir agus amhránaí Gael-Mheiriceánach (1920-2015)

Ba bhan-aisteoir Éireannach í Maureen O'Hara (a rugadh ar an 17 Lúnasa 1920 agus a d'éag 24 Deireadh Fómhair 2015), réalta 'ar an seandéanamh' as Raghnallach, BÁC ag comhghuaillíocht le Charles Laughton, Alfred Hitchcock, Tyrone Power, Henry Fonda, John Ford agus John Wayne i rith ré órga Hollywood. . Bean a dhein a hiomaire féin a threabhadh, bean nár chaill a féiniúlacht Éireannach agus bean a bhí chomh compordach measúil céanna le Tadhg an mhargaidh is a bhí sí leis an bpiarda mór.[1]

Infotaula de personaMaureen O'Hara

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Maureen FitzSimons
17 Lúnasa 1920
Raghnallach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Deireadh Fómhair 2015
95 bliana d'aois
Boise, Idaho Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha
Áit adhlacthaReilig Náisiúnta Arlington Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Airde1.72 m Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreAisteoireacht agus amhránaíocht
Gairmscríbhneoir, aisteoir scannáin, aisteoir teilifíse, aisteoir stáitse, dírbheathaisnéisí, amhránaí, ban-aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1938 –  2000
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Poblachtach Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraScéalta buachaillí bó
TeangachaBéarla
UirlisCeol gutha
Teaghlach
CéileGeorge H. Brown (1939–1940)
Will Price (1941–1952)
Charles F. Blair, Jr. (1968–1978) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteBronwyn FitzSimons
 ( Will Price) Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínCharles B. Fitzsimons agus James O'Hara
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0000058 Allocine: 1063 Rottentomatoes: celebrity/maureen_ohara Allmovie: p53476 TCM: 143374 Metacritic: person/maureen-ohara TV.com: people/maureen-ohara IBDB: 54883 AFI: 109634
Souncloud: maureenohara Spotify: 2nJFP1JFz6U0asCRvzYeDS iTunes: 912207 Last fm: Maureen O'hara Musicbrainz: db23909e-7c44-4232-b8fc-a2261cf16a33 Discogs: 1876275 Allmusic: mn0000391843 Find a Grave: 16711793 Deezer: 149927 Cuir in eagar ar Wikidata
1939 : Hunchback of Notre Dame

Saol cuir in eagar

 
1945 ?

Rugadh Maureen Fitzsimons i Raghnallach, BÁC ar 17 Lúnasa 1920. Bhaist Laughton "O’Hara" uirthi nuair a dhein sé conradh scannánaíochta i Sasana a thairiscint di.[1]

An chomhghuaillíocht bhisiúil le John Wayne, agus leis an nGael-Mheiriceánach, John Ford, a sholáthair saothair mhór-ráchairte cosúil le How Green Was My Valley (1941) agus, gan amhras, an saothar ab ansa léi féin The Quiet Man (1952). Bhí na piardaí ag iarraidh í a shá isteach i scannáin gan dealramh le leas a bhaint as a háilleacht agus a gruaig rua, go mór mór le teacht na scannán daite. Í féin ag rá go seanbhlastúil go rabhthas ag iarraidh a chinntiú nach bhfaigheadh a cumas an ceann is fearr ar a háilleacht.[1]

Chlis dá phósadh uirthi, ach an tríú pósadh deireanach a thug sonas di agus a d’fhág í ina céad uachtarán ar chomhlacht eitleán i Meiriceá.

Ba bhean choráistiúil í nach ngéillfeadh ar a prionsabail. Ní raibh sí sásta luí ar an “casting couch” rud a d’fhág go raibh an chloch sa mhuinchille ag piardaí áirithe di.

Níor lig sí do na meáin satailt uirthi ach an oiread. Nuair a d’fhoilsigh an iris chúlchainte Confidential scéal gáirsiúil gan dealramh fúithi chuir sí an dlí orthu agus fuair sí an ceann is fearr orthu.[1]

Go deimhin thug sí dúshlán an chórais dlí agus cirt nuair a bhí sí iarraidh saoránacht Mheiriceánach a bhaint amach. Na húdaráis ag maíomh gur Sasanach an Baile Átha Cliathach ach ise ag seasamh an fhóid. Sa deireadh ghéill breitheamh dá féiniúlacht Éireannach. Bean í a bhí teann as a dúchas. “To be born in Ireland is the greatest gift God can give,” a dúirt sí féin tráth. Labhair sí óna croí riamh faoi Éirinn agus ní raibh aon stad ar dílseacht di – d’Iarsmalann Mhuireitleáin Fhainge agus Ruagairí na Seamróige go háirithe. Níorbh leasc léi an Ghaeilge a bhí aici a úsáid ach an oiread agus “Is cneasta an fear tú” a rá le Perry Como ar a sheó cáiliúil.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tugann an clár Maureen O’Hara – Banríon Hollywood (TG4) léargas ar a saol agus ar a saothar céad bliain i ndiaidh a breithe.

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Breandán M Mac Gearailt (26 Nollaig 2020). "Clár snoite néata faoin réalta Maureen O’Hara, banríon Hollywood" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-08.