Is éard atá i gceist leis an bhfocal Mayday ná comhartha guaise a úsáidtear ar an raidió labhartha - cosúil le "S.O.S" i gcód Morse. Is é an gnás ná an focal a labhairt faoi thrí: mayday mayday mayday, lena chinntiú gur teachtaireacht neamh-dhébhríoch éigeandála a bheidh ann.

Stair cuir in eagar

Tosaíodh ag úsáid an chomhartha guaise seo i dtús na 1920idí, nuair a bhí an chuid ba mhó den trácht idirnáisiúnta eitilte comhchruinnithe idir Londain (Aerfort Croydon i Surrey) agus Páras (Aerfort Le Bourget i bPáras). Ba é an t-oifigeach raidió ar Aerfort Croydon i Sasana, Frederick Stanley Mockford, a mhol an focal áirithe seo, nó bhí focal ag teastáil a bheadh intuigthe ag Sasanaigh agus Francaigh araon. Bhunaigh Mockford an focal ar dheireadh na habairte Fraincise venez m'aider, is é sin, "tagaigí chun mo tharrthála", "tagaigí ag cabhrú liom". Níl baint ar bith ag an bhfocal seo leis an bhfocal Béarla a chiallaíonn "Lá Bealtaine".

Chuaigh an focal mayday in úsáid go hoifigiúil sa bhliain 1923. Go dtí sin ba é S.O.S. an comhartha guaise ar an raidió fiú nuair a bhítí ag labhairt seachas i dtuilleamaí chód Morse, ach fuarthas neamhphraiticiúil na litreacha úd a ainmniú os ard, toisc nach bhfuil sé furasta ainm na litreach S a fhuaimniú sách soiléir le go n-aithneofaí ar an raidió é, go háirithe má tá aerthormán nó corraíl eile ann.

Comharthaí guaise eile cuir in eagar

Comharthaí cosúla guaise iad pan-pan a thagraíonn d'fhadhbanna teicniúla nach bhfuil bagairt bháis iontu, agus seelonce, a thugann ar lucht úsáide raidió éisteacht. Is é an focal Fraincise panne ("ainghléas") atá i gceist leis an gcéad cheann acu, agus tá an dara ceann bunaithe ar an dóigh a bhfuaimnítear silence ("ciúnas, tost") san Fhraincis. Is féidir seelonce agus mayday a nasc dá chéile - seelonce mayday - agus is é is brí dó sin ná nach gceadaítear úsáid an raidió ach amháin le haghaidh teachtaireachtaí a bhfuil baint acu leis an éigeandáil atá fógartha leis an bhfocal mayday. Cuirtear deireadh leis an gciúnas raidió leis na focail seelonce feenee (silence fini na Fraincise).