Bunús na gcriosanna ama, bunaithe ar an am caighdeánach ag fadlíne 0° trí Greenwich Shasana (GMT de ghnáth i mBéarla). Bhíodh sé bunaithe ar an ngrianam, ach ó 1972 ar an am adamhach idirnáisiúnta, a dhíorthaítear ó mhinicíochtaí trasdulta ar leith in adaimh ar leith, a dtugtar an t-am uilíoch air anois. Bunaíodh ar dtús taobh istigh den Bhreatain é chun amchláir na dtraenacha a dhéanamh rialta iontaofa, agus leathnaíodh amach uaidh sin go hidirnáisiúnta é.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Meánam Greenwich". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 444.