Is é an meitniriam dúil cheimiceach uimhir a 109 i dtábla peiriadach na ndúl agus is í an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná Mt. Tá sé suite taobh thíos den iridiam sa tábla peiriadach, is é sin, sa naoú grúpa, ach is deacair a rá an bhfuil saintréithe ceimiceacha an mheitniriam cosúil leis an iridiam ar aon nós, nó is dúil radaighníomhach é a dtagann meath uirthi chomh luath is nach féidir mórán a fháil amach faoi iompraíocht cheimiceach na dúile. Is é an t-iseatóp is cobhsaí atá ag an meitniriam ná Mt-278, agus déanann maisuimhir an iseatóip sin gnó an mheáchain adamhaigh don mheitniriam.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachMeitniriam
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha
Meitniriam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachMt agus Une
Uimhir adamhach109
Peiriad, Grúpapeiread 7
Dúil Ghrúpa 9
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Stair
AimsitheoirGSI Helmholtz Centre for Heavy Ion Research (en) Aistrigh
Fionnachtain29 Lúnasa 1982
EapainmLise Meitner

Ba iad Peter Armbruster agus Gottfried Münzenberg a bhí i gceannas ar an bhfoireann in Darmstadt sa Ghearmáin, san Institiúid um Thaighde ar na hIain Throma, a ghin an chéad adamh meitniriam. An t-ainm atá ar an dúil inniu, is tagairt é do Lise Meitner, agus dheimhnigh Aontas Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC) é sa bhliain 1997.

Tagairtí cuir in eagar