Micheál Ó hEidhin

ceoltóir Éireannach

Múinteoir agus ceoltóir (agus cigire ceoil i scoileanna na hÉireann) ab ea Mícheál Ó hEidhin. Rugadh i gConamara sa bhliain 1938 é. Fuair sé bás ar an 29 Eanáir 2012.[1]

Infotaula de personaMicheál Ó hEidhin
Beathaisnéis
Breith1938
Bás29 Eanáir 2012
73/74 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmúdar Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Musicbrainz: 71013022-37a2-4210-b5d2-ca51fac61654 Cuir in eagar ar Wikidata

Tógadh Micheál i gceantar na Doiriú, Ros a Mhíl i dteaghlach ceolmhar. Chaith sé tamall ina dhalta i nGaoth Dobhair leis an múinteoir clúiteach Seán 'ac Fhionnlaoich as Gabhla. Fuair sé céim san eolaíocht ach ina dhiaidh sin rinne sé staidéar ar an cheol i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh faoin ollamh Aloys Fleishmann, bhí Pilip Ó Laoghaire aige mar mhúinteoir córacha, agus fuair sé post mar chigire ceoil i gCoiste Garmoideachais na Gaillimhe.

Chuir sé tús le dioplóma teagaisc Chomhaltas Ceoltóirí Éireann sa bhliain 1980.

Bhí sé ina stiúrthóir ceoil le RTÉ agus ina mholtóir i gcomórtais Oireachtais agus Slógadh ó 1969 ar aghaidh. Spreag sé siollabas sa cheol traidisiúnta do Chomhaltas agus d'Acadamh Ríoga Ceoil na hÉireann i 1998.

Bhí sé pósta agus seisear clainne air.

Foilseacháin cuir in eagar

  • Cas Amhran
  • Amhran do Cholaisti
  • Ceol don Chor
  • Déan Rince

Tagairtí cuir in eagar