Bhí Michelangelo di Lodovico Buonarroti Simoni, giorraithe Michelangelo (6 Márta, 147518 Feabhra, 1564), ar dhuine de na healaíontóirí ba mhó agus ba thábhachtaí san Athbheochan (nó an Renaissance). Péintéir, dealbhóir, ailtire, file agus innealtóir Iodálach a bhí ann, sár-ealaíontóir ildánach a dtugtaí Il Divino ("an Duine Diaga") air.

Michelangelo
Michelangelo Daniele da Volterra (dettaglio).jpg
Saol
Ainm iomlán Michelangelo di Lodovico Buonarroti Simoni
Eolas breithe Caprese Michelangelo (en) Aistrigh, Márta 6, 1475
Náisiúntacht Republic of Florence (en) Aistrigh
Grúpa eitneach Iodálaigh
Bás An Róimh, Feabhra 18, 1564
Áit adhlactha Basilica of Santa Croce (en) Aistrigh
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás  (Ionfhabhtú
Aisfisce)
Muintir
Céile/Céilí no value
Páirtí/Páirtithe Tommaso dei Cavalieri (en) Aistrigh
Teaghlach
Treibh Buonarroti family (en) Aistrigh
Oideachas
Alma mater Ollscoil Flórans
Teangacha An Iodáilis
Múinteoirí Domenico Ghirlandaio
Bertoldo di Giovanni (en) Aistrigh
Poliziano (en) Aistrigh
Mic léinn Guglielmo della Porta (en) Aistrigh
Gairm
Gairm dealbhóir, draftsperson (en) Aistrigh, péintéir, ailtire, file, innealtóir agus general contractor (en) Aistrigh
Áit oibre Flórans, Bologna, An Róimh, Flórans, An Róimh, Flórans, An Róimh, Flórans, An Veinéis, Flórans, An Róimh, Flórans, An Róimh, Flórans agus An Róimh
Saothar iomráiteach David (en) Aistrigh
Pietà (Michelangelo)
Dying Slave (en) Aistrigh
The Last Judgment (en) Aistrigh
Doni Tondo (en) Aistrigh
Madonna of the Stairs (en) Aistrigh
Battle of the Centaurs (en) Aistrigh
The Genius of Victory (en) Aistrigh
The Deposition (en) Aistrigh
Rondanini Pietà (en) Aistrigh
Sistine Chapel Ceiling (en) Aistrigh
Rebellious Slave (en) Aistrigh
St. Matthew (en) Aistrigh
Medici Chapels (en) Aistrigh
Bacchus (en) Aistrigh
Brutus (en) Aistrigh
Baisleac Pheadair
Slaves (en) Aistrigh
Biblioteca Medicea Laurenziana (en) Aistrigh
Gluaiseacht High Renaissance (en) Aistrigh
Renaissance painting (en) Aistrigh
Gluaiseacht ealaíne Ealaín Chríostaí
homoeroticism (en) Aistrigh
Creideamh
Reiligiúin Caitliceachas
Ord Proinsiasaigh
Michelangelo Signature2.svg
La Creazione di Adamo, Séipéil Shistínigh
Giudizio Universale, Séipéal Sistíneachː 1536 - 1541; Clement VII- Paul III

ÓigeCuir in Eagar

Rugadh Michelangelo di Lodovicio Buonaroti Simoni ar 6 Márta 1475 in Caprese sa Tuscáin. Ba bhaincéirí iad muintir Michelangelo, ach bhí ag teip ar a athair Lodovicio a ghnóthaí a riaradh le héifeacht, agus b'éigean dó postanna a fháil anois agus arís i seirbhís an stáit.

Nuair a rugadh Michelangelo, bhí a athair ina Riarthóir Dlíthiúl i mbaile beag Caprese agus ina Riarthóir Áitiúil in Chiusi. Ba í Francesca di Nieri del Miniato di Siena máthair Michelangelo. Chreid muintir Buonarroti gur de shliocht na Cuntaoise Mathilde de Canossa iad, cé nach féidir é sin a chruthú.

Flórans, 1476 - 1492Cuir in Eagar

 
Leda e il cigno, cóip, National Gallery Londain, i ndiaidh 1530̹̟

Cúpla mí tar éis bhreith Michelangelo, d'aistrigh a mhuintir ar ais go Flórans, áit ar tógadh é. Thagadh trealláin tinnis ar a mháthair agus é seacht mbliana d'aois, rud a d'fhág go raibh sé in aon teach le saor cloiche agus a bhean i mbaile Settignano, áit a raibh cairéal marmair ag a athair. Agus Michelangelo ina buachaill óg, chuir a athair é chun an daonnachaí Francesco da Urbino in Flórans, Ach is beag suim a bhí aige sa staidéar. B’fhearr leis pictiúir a chóipeáil i dteampaill agus a bheith i gcuideachta ealaíontóirí eile.

 
Il David, 1501-1504, Galleria dell'Accademia (Florence)

In aois a thrí bliana déag, ghlac Domenico Ghirlandaio leis mar phrintíseach é. Nuair a bhí Michelangelo ceithre bliana déag d'aois, b'éigean do Ghirlandaio é a íoc, rud fíorannamh ag an am.

Nuair a d’iarr rialtóir Flórans, Lorenzo de Medici, ar Ghirlandaio sa bhliain 1492 an bheirt ealaíontóirí ab fhearr a bhí aige a chur chuige, roghnaigh Ghirlandaio Michelangelo agus Francesco Granacci. Idir na blianta 1490 agus 1492, bhí Michelangelo ag déanamh staidéir in Acadamh an Daonnachais, foras a bhunaigh muintir Medici faoi anáil an Nua-Phlatónachais. Rinne Michelangelo staidéar ar dhealbhóireacht faoi stiúradh Bertoldo di Giovanni. Chuaigh fealsúnaí agus scríbhneoirí ar nós Marsilio Ficino, Pico della Mirandola agus Angelo Poliziano i gcion go mór ar a aigne agus ar a ealaíon san Acadamh.

Leis an tréimhse seo a bhaineann na dealbha "Maighdean na gCéimeanna" (1490-1492) agus "Cath na gCeinteár" (1491-1492).

I mBuaic a RéimeCuir in Eagar

 
Il David (cóip), dul isteach, Palazzo Vecchio, Piazza della Signoria

Tháinig cor eile i saol Michelangelo de bharr bhás Lorenzo ar 8 Aibreán 1492. D’fhág sé pálás na Medici agus rinne cónaí i dteach a athar, áit a ndearna sé cros adhmaid (1493) a thug sé d'Eaglais Santo Spirito i bhFlórans. Lig seo dó staidéar a dhéanamh ar an anatamaíocht in ospidéal na hEaglaise.

Idir na blianta 1493 agus 1494 cheannaigh sé bloc marmair ollmhór agus rinne dealbh d'Earcail, saothar a cuireadh chun na Fraince agus a chuaigh ar seachrán timpeall na bliana 1700.

Ar 20 Eanáir 1494, tar éis plúchadh mór sneachta, d'iarr Piero de Medici, oidhre Lorenzo, air dealbh shneachta a dhéanamh, rud a thug Michelangelo ar ais chun Pálás na Medici.

Bologna, Veinéis, Flórans, Róimh, 1492–1499Cuir in Eagar

Nuair a díbríodh na Medici as Flórans, d’aistrigh Michelangelo go Bologna. D’fhill sé, ach theip air aon obair a fháil ón rialtas. Rinne sé ‘’Cupid ina Chodladh’’ ar mhúnla saothar clasaiceach agus dhíol leis an gCairdinéal Raffaele Riario é. Nuair a fuair Riario amach nár shaothar de chuid na seanreachta é, tháinig an oiread sin ionaidh air gur iarr sé ar an ealaíontóir óg dealbh Bhacas a dhéanamh dó. Ach nuair a chonaic sé an saothar, dhiúltaigh sé dó, agus b’éigean do Michelangelo é a dhíol leis an mbaincéar Jacopo Galli i gcomhair a ghairdín.

Sa bhliain 1497 iarraidh ar Michelangelo Pietà a dhéanamh, rud a thosaigh sé an bhliain dar gcionn.

 
Pietà, 1494–1527, Baisleac Pheadair, Vatacáin

Oibreacha eileCuir in Eagar

Flórans, 1499–1505Cuir in Eagar

Nuair a d’fhill Michelangelo ar Fhlórans idir na blianta 1499 agus 1501, iarradh air dealbh Dháibhí a dhéanamh mar chomhartha ar shaoirse na cathrach. Bhí sé seo ar na saothair ab fhearr dá chuid, agus chuir sé bailchríoch air sa bhliain 1504. D'eascair sé as píosa ollmhór marmair ó chairéal Charrara, agus cuireadh é in airde os comhair an an tSean-Pháláis (Palazzo Vecchio) sa Piazza della Signoria. Róimh, 1505-1564

D’fhill Michelangelo ar an Róimh sa bhliain 1505. Idir na blianta 1508 agus 1512 dhathaigh sé díon an tSéipéil Shistínigh don Phápa Clement VII. Ar dtús ní raibh le bheith ann ach an Dá Aspal Déag, ach de réir a chéile chum sé fíoracha eile a bhain le Cruthú agus le Deireadh an Domhain. Chuir an obair olc ar Michelangelo mar shíl sé nach raibh ann ach baois a bhí bunaithe ar uabhar agus ar fhéinghlóir an Phápa ( Julius II), ach maireann sé inniu mar cheann de na seoda is loinnrí den Athbheochain.[1]

Idir na blianta 1532 agus 1541 chum sé an Breithiúnas Deireanach, ach chuir roinnt fíoracha lomnochta fearg ar dhaoine éigin, an Cairdinéal Carafa agus an Moinsíneoir Sernini go háirithe, agus rinne siad gearán. Mar dhíoltas, rinne Michelangelo íomhá de Charafa mar anam damnaithe.

 
Michelangelo sa bhliain 1535 le Marcello Venusti

Ba Michelangelo a dhear an Piazza del Campidoglio agus an phábháil cháiliúil atá ann.[2][3]

Ba é saothar mór deireanach Michelangelo Baisleac Pheadair sa bhliain 1546 (cé nach eisean a thosaigh é).

Fuair Michelangelo bás sa bhliain 1564 sula raibh an obair dheireanach seo críochnaithe.

PearsantachtCuir in Eagar

Duine cantalach, ardaidhmeach, ciotach a bhí ann, de réir dealraimh, a spreag idir urraim agus eagla i lucht a chomhaimsire. Dúirt an stairí ealaíne, Vasari, sa 16ú aois gur ‘il divino’ a bhi ann, cruthaithe ag Dia mar bharrshamhail den duine mar ba cheart don duine a bheith in achan bhealach idir filíocht, ealaín agus áilleacht cholainne.[4]

Sa bhliain 1532 thit Michelangelo, a bhí 57 mbliana d’aois ag an am, i ngrá go trom le fear uasal óg darb ainm Tommaso de Cavalieri nach raibh 20 bliain d’aois. Is cinnte go raibh grá ag Michelangelo do Tommasso ach is grá geanmaí, aontumha a bhí ann. Scríobh sé chuige bliain i ndiaidh dó bualadh leis le rá ‘a fhad a mhairfeas an chuimhne atá agam ort, ní mhothóidh mé aon tuirse ná eagla roimh an bhás’ agus go raibh sé ina phríosúnach ag an ‘cavalieri armtha’.[4]

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

 
Michelangelo le Bertrand, Noël François (1784)

Michelangelo inniuCuir in Eagar

  • an Uffizi[5], Flórans, ceann de na dánlanna is tábhachtaí agus is mó cáil ar domhan. Is ann atá saothair ealaíne le Michelangelo i measc an iliomad eile.[6]
  • 2004ː Chothaigh an cinneadh a rinneadh dealbh Michelangelo, Daithí, a ghlanadh díospóireacht theasaí go hidirnáisiúnta agus bhí go leor daoine den tuairim nár cheart dul in aice le saothar ealaíne chomh luachmhar.[7]

TagairtíCuir in Eagar

  1. Ciara Nic Gabhann (2010). "Cuairt Ghairid ar an Róimh" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-05-19.
  2. "Piazza del Campidoglio" (in it) (2021-04-15). Wikipedia. 
  3. Maitiú Ó Coimín (2016). "Dé Céadaoin a eiseofar bonn comórtha 1916, ach céard a bhí ar bhoinn chomórtha na hÉireann idir 1928 agus 2016?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-19.
  4. 4.0 4.1 Ciara Nic Gabhann (2010). "Aisling Michelanglo" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-05-19.
  5. "The Uffizi | Uffizi Galleries" (en). www.uffizi.it. Dáta rochtana: 2021-05-19.
  6. Mairéad Ní Nuadháin (2021). "Agus an ciúnas i réim, an bhfuil tada foghlamtha againn faoin turasóireacht?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-19.
  7. Ciara Nic Gabhann (2004). "Glanadh Dháithí ina ábhar mór conspóide" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-05-19.