Rugadh Michelle i nGlaschú, Albain ach tógadh í i nGaoth Dobhair. Bhí cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath ar feadh roinnt blianta. Le linn na tréimhse sin, rinne sí staidéar ar an iriseoireacht in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Sráid Aungier.

Infotaula de personaMichelle Nic Pháidín
Beathaisnéis
BreithGlaschú Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, iriseoir, pearsa raidió Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Scríobh Michelle le Foinse agus nuair a thosaigh sí ag obair mar iriseoir. Chaith sí tréimhsí ag obair don Irish Daily Mirror agus don Star on Sunday agus tá obair mar shaorisireoir déanta aici don Irish Times, don Irish Independent agus don Irish Examiner thar na blianta. Is iriseoir ilghnéitheach í faoi láthair agus tá a lán oibre déanta aici le stáisiúin raidió agus teilifíse. Ba í a rinne an clár teilifíse Éagóir de TG4 a chur i láthair idir 2011 agus 2014. Tá sí ag obair mar iriseoir sinsearach leis an Donegal Democrat faoi láthair. Tá suim mhór ag Michelle i gcúrsaí teanga agus bhí sí ina cathaoirleach ar Choiste Comhairleach na nÓg agus ina ball de Coimisiún na Gaeltachta. Bhain sí an dara háit i gcomórtas liteartha Oireachtas na Gaeilge in 2004 leis an ngearrscéal ‘Baile na mblaincéad.’ Bhain sí Corn Mháire Nic Dhonnachadha don amhránaíocht ar an sean-nós an bhliain chéanna. D’fhoilsigh Cois Life a céad saothar ficsin, úrscéal dar teideal An tIriseoir in 2016.

Tá cónaí ar Michelle i mbaile Leitir Ceanainn.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar