Scoláire agus bailitheoir ceoil, eitnicheoleolaí, ceoltóir, agus Luimníoch ba ea Mick Moloney (15 Samhain 1947 - 27 Iúil 2022),[1][2][3]

Infotaula de personaMick Moloney

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Michael Moloney
15 Samhain 1944
Luimneach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Iúil 2022
77 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Pennsylvania Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmceoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1964 –  2022
SeánraCeol tíre
TeangachaBéarla
UirlisCeol gutha, bainseó, maindilín, Octave mandolin (en) Aistrigh agus giotár
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinmickmoloney.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0597230 Musicbrainz: d179fe22-0c20-410f-bfa5-5903f1953e9c Songkick: 472718 Discogs: 787330 Cuir in eagar ar Wikidata

Cé gur i Luimneach a rugadh é i 1944, ba i Stáit Aontaithe Mheiriceá a chaith sé bunús a shaoil ó 1973, áit ar bhain sé cáil amach mar cheoltóir gairmiúil, saineolaí ceoil, béaloideasóir agus múinteoir. Bhí clú agus meas air chomh maith mar gheall ar an stór mór amhrán a bhí bailithe aige a chuireann síos ar stair agus ar chultúr na nÉireannach i Meiriceá.[4][5]

2006 i mBÁC

Beatha cuir in eagar

An bainseó a bhí ar a ghlúin ag Mick agus gan é ach sé bliana déag d’aois i Luimneach.[6]

Ina óige in Éirinn, sheinn sé leis an Emmet Folk Group agus chaith sé 5 bliana leis The Johnstons.

Na Stáit Aontaithe cuir in eagar

Green Fields of America,  2017 Richmond Folk Festival, VA

I ndiaidh céim dochtúireachta sa cheol a bhaint amach in Ollscoil Pennsylvania, tháinig sé faoi anáil cheol na ndaoine i Meiriceá. Chaith sé sealanna ag múineadh an cheoil in Ollscoileanna Georgetown, Villanova agus sa New York University. Bhí ardmheas air sa domhan eitnicheoleolaíochta i Meiriceá - an t-ábhar a theagasc sé do na sluaite de lucht ollscoile.[6]

Bhunaigh Molney an grúpa, Green Fields of America.. Bhí féile ar siúl i West Virginia a bhí eagraithe ag Mick Moloney, an Augusta Heritage Festival.[7][8]

Léirigh sé agus thiomsaigh sé seancheol agus nuacheol le ceoltóirí móra Mheiriceá - cuid acu a chuaigh ar imirce as Éirinn agus chuir sé a stair siúd in eagar. Bhí sé ina chomhairleoir ag féilte agus imeachtaí móra ceoil agus bhí baint aige le bunú grúpaí mar 'Cherish the Ladies'.[6]

Phós Moloney trí uair sna Stáit Aontaithe, Miriam Murphy, Philomena Murray agus Judy Sherman. Bhí mac amháin aige le Philomena Murray.

An Téalainn cuir in eagar

Chuaigh Moloney chuig an Téalainn don chéad uair sna 1990idí.[9][10] Cheannaigh sé arasán i mBangkok, agus mhair sé ann le Sangjan Chailungka. Ceapadh é ina léachtóir in eolaíocht pholaitiúil san ollscoil ann. Bhunaigh sé ceolfhoireann do pháistí sa Mercy Center in Khlong Toei, agus an sagart Joseph H. Maier i mbun.

Bás agus oidhreacht cuir in eagar

D'éag Moloney ar 27 Iúil 2022, i nGreenwich Village, in aois 77 dó.

Bronnadh an iliomad gradam air i Meiriceá agus in Éirinn. Sa bhliain 2014, bronnadh Gradam Comaoine TG4 ar Mick Moloney,

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Mick Moloney mourned by Irish at home and abroad" (en). IrishCentral.com (2022-08-04). Dáta rochtana: 2022-10-29.
  2. "Mick Moloney obituary: Accomplished musician and folk music academic who had a huge influence in preserving and enhancing traditional music" (en). independent. Dáta rochtana: 2022-10-29.
  3. "Bás an cheoltóra Mick Maloney" (as ga) (2022-07-28). 
  4. Mick Moloney (2015). "Black Irish Identities Sloan and Moloney" (as en). 
  5. "Léargas beag úr ar an chaidreamh idir Éireannaigh agus daoine dubha" (en). The Irish News (2020-12-16). Dáta rochtana: 2022-10-29.
  6. 6.0 6.1 6.2 Nuacht RTÉ (2022-07-28). "Bás an cheoltóra Mick Maloney" (as ga-IE). 
  7. NÓS. "60 soicind le… Louise Mulcahy" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2022-10-29.
  8. Smithsonian Magazine. "How One Impromptu Jam Session Spawned a Sweeping Irish-American Music Revival" (en). Smithsonian Magazine. Dáta rochtana: 2022-10-30.
  9. "IAC Commissions: "Bangkok Lockdown" & "Erin's Green Shore" by Mick Moloney" (as en) . 
  10. "'Banjo To Bangkok': Mick Moloney's Asian Odyssey" (as en) .