Cineál micreascóip is ea micreascóp solais nó an micreascóp optúil, a úsáideann solas infheicthe agus córas lionsaí a fhormhéadaíonn íomhánna de shamplaí beaga. Miondearcán é trínar féidir mion-anailís a dhéanamh ar nithe bídeacha agus úsáidtear san eolaíocht go minic é. Is iad na micreascóip seo na cinn is sine agus dearadh iad ar dtús timpeall na bliana 1600. Is féidir le bun-mhicreascóip optúla a bheith an-simplí, cé go bhfuil go leor dearaí casta ann a bhíonn mar aidhm acu gléine agus codarsnacht an tsampla a fheabhsú. Go stairiúil, bhí sé éasca go leor micreascóip optúla a fhorbairt, mar go n-úsáideann siad solas infheicthe, ionas gur féidir an sampla a mheas go díreach trí shúil an duine.

Infotaula equipament informàticMicreascóp solais

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí bunúsacha
Úsáidmicreascópacht solais
Croineolaíocht
Fionnachtain1595 Cuir in eagar ar Wikidata
Micreascóp solais. Cur síos ar a chomhpháirteanna; A) Súil-lionsa, B) Réadlionsa, C) Sleamhnán, D) Soilsiú lionsaí, E) Stáitse, F) Leibhéil an tsoilsithe.