Is éard is micreaton[1] ann ná idirchéim sa cheol atá níos lú ná leath-thon. Dúchasach i gcultúir áirithe ceoil, san oirthear go háirithe, agus tarlaíonn siad go nádúrtha sa tsraith armónach. I gceol ealaíne an iarthair is é an leath-thon an t-eatramh is lú de ghnáth, ach baineann ceapadóirí áirithe de chuid na haoise seo (mar shampla Hába, Bloch, Bartók is Boulez) feidhm as micreatoin, agus ceathrú toin go háirithe, chun iarmhairtí is insint nua a bhaint amach.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. “micreaton” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-17.
  2. Hussey, Matt (2011). "Micreathon (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 455.