Is í Middelburg príomhchathair na cúige Zeeland san Ísiltír. Tá sí suite i gceartlár an iar-oileáin Walcheren (ciallaíonn an logainm 'Middelburg' 'Caisleán an Láir'.) Le daonra de 40,600 duine, tá an chathair ar an gceann is lú de phríomhchathracha chúigí na tíre. Sa 16ú hAois, áfach, bhí Middelburg chomh tábhachtach le hAmsterdam. Tá a rian sin ar lár stairiúil na cathrach, a mheallann na céadta míle turasóir in aghaidh na bliana. Tá cáil ar leith ar choimpléasc na mainistreach lena túr ard 'Lange Jan' ('Seán Ard'.) Tá iarsmalann chúige Zeeland suite sa choimpléasc seo.

Infotaula de geografia políticaMiddelburg
Middelburg vlag.svg Coat of arms of Middelburg.svg
20040103 Middelburg Stadhuis.jpg
Edit the value on Wikidata

Suíomh
Middelburg-plaats-OpenTopo.jpg Edit the value on Wikidata
 51°29′59″N 3°36′49″E / 51.4997°N 3.6136°E / 51.4997; 3.6136
Stát ceannasachRíocht na hÍsiltíre
Country of the Kingdom of the Netherlandsan Ísiltír
Province of the NetherlandsAn tSéalainn
Bardasacht san ÍsiltírMiddelburg (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán 47,939 (2016) Edit the value on Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla 53.05 km² Edit the value on Wikidata
• Uisce 8.48 % Edit the value on Wikidata
Airde 3 m Edit the value on Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú 1217
Eachtra barrthábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
• Ceannaire an rialtais Harald Bergmann (en) Aistrigh (Lúnasa 27, 2012) Edit the value on Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist 4330–4338 Edit the value on Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód 0118 Edit the value on Wikidata
Eile

Láithreán gréasáin middelburg.nl Edit the value on Wikidata

AerbhuamáilCuir in Eagar

Rinne aerfhórsa na Gearmáine aerbhuamáil ar Middelburg ar an 17 Bealtaine 1940. Fuair 22 duine bás sa ghníomh cogaidh seo agus scriosadh os cionn 600 foirgneamh ársa, túr cáiliúil an 'Lange Jan' ina measc. Thosaigh muintir na cathrach ar an atógáil le linn an chogaidh féin.

TurasóireachtCuir in Eagar

Sa lá atá inniu ann, tá Middelburg ag brath go mór ar an turasóireacht. Tagann an cheathrú chuid de theacht isteach shiopaí na cathrach ó thurasóirí. Tarraingíonn go leor de mhuintir na Gearmáine ar an gcathair agus i rith an tsamhraidh is beag nach mó Gearmáinise a chloistear á labhairt ar shráideanna na cathrach ná Ísiltíris.

TagairtíCuir in Eagar