Misfits
Is sraith theilifíse ficsean eolaíochta atá bunaithe i Sasana é Misfits. Baineann an seó le cúigear ciontóirí óga ar gearradh pionós seirbhíse pobail orthu. Bhí stoirm aisteach ar an chéad lá agus faigheann an grúpa cumhachtaí speisialta. Thosaigh an tsraith sa bhliain 2009 agus chríochnaigh sé sa bhliain 2013.
Seánra | science fiction television program (en) , dráma teilifíse, geandrámaíocht agus clár teilifíse teacht in inmhe |
---|---|
Suíomh scéalaíochta | Londain |
Socrú ceamara | socrú aoncheamara |
Cruthaitheoir | Howard Overman |
Aisteoirí | |
Tír | an Ríocht Aontaithe |
Bunteanga | Béarla |
Bealach teilifíse | E4 |
Fad na n-eipeasóidí | 45 min |
An chéad eipeasóid | 12 Samhain 2009 |
An eipeasóid dheireanach | 11 Nollaig 2013 |
Líon séasúr | 5 |
Líon eipeasóidí | 37 |
Liosta eipeasóidí | list of Misfits episodes (en) |
Tuilleadh eolais | |
Suíomh oifigiúil | e4.com… |
Sa chéad sraith, is iad Antonia Thomas, Iwan Rheon, Lauren Socha, Nathan Stewart-Jarrett, agus Robert Sheehan na haisteoorí sa seó, agus glacann siad na páirteanna Alisha Daniels, Simon Bellamy, Kelly Bailey, Curtis Donovan, agus Nathan Young faoi seach. Sa dara sraith, d’fhág Robert Sheehan an seó agus tháinig Joseph Gilgun ina áit mar Rudy Wade. Ag deireadh na tríú sraithe, d’fhág Rheon, Thomas agus Socha agus tháinig Karla Crome, Nathan McMullen agus Matt Stokoe ar an seó.
Leathbhealach tríd an ceathrú sraith, d’fhógair an léiritheoir go raibh Stewart-Jarrett ag fágáil, agus ba í Natasha O’Keeffe an t-aisteoir is déanaí le teacht ar an seó. Ar 19 Márta 2013, d’fhógair Channel 4 go mbeadh sraith a cúig ag tosú ar an 23 Deireadh Fómhair 2013. Bheadh ocht n-eipeasóid ar fad sa tsraith.
Mioneipeasóid agus scannán
cuir in eagarAr an 15 Meán Fómhair 2011 scaoileadh an mioneipeasóid “Vegas Baby!”. Bhain an eipeasóid le Nathan a d'imigh chuig Las Vegas lena chumhacht nua.
Dúirt an léiritheoir, Howard Overman, gur scríobh sé an chéad dréacht den scannán agus go mbeidh sé scaoilte i 2014.
An áit
cuir in eagarTá an seó suite i Londain in aice le Loch Southmere i Thamesmead agus tá a lán grianghrafanna tógtha den radharc ón díon de Coláiste Bexley. Ní raibh an teach tábhairne sa dara sraith suite ar Sráid Deisceart, Brunel, ach go raibh sé déanta le haghaidh an seó agus go raibh sé suite sa stiúideo.
Aisteoirí
cuir in eagarCarachtar | Aisteoir | Sraith |
---|---|---|
Nathan | Robert Sheehan | 1-2 |
Kelly | Lauren Socha | 1-3 |
Alisha | Antonia Thomas | 1-3 |
Simon | Iwan Rheon | 1-3 |
Curtis | Nathan Stewart-Jarrett | 1-4 |
Seth | Matthew McNulty | 2-4 |
Rudy | Joseph Gilgun | 3-5 |
Jess | Karla Crome | 4-5 |
Finn | Nathan McMullen | 4-5 |
Alex | Matt Stokoe | 4-5 |
Abbey | Natasha O'Keeffe | 4-5 |
Nikki | Ruth Negga | 2 |