Misneach (grúpa)
Is grúpa stocaireachta Gaeilge in Éirinn a bhí i Misneach. Ba é Máirtín Ó Cadhain a bhunaigh é agus bhí sé dírithe go diongbháilte ar athbheochan na Gaeilge. Ar na baill bhí; Máirtín Ó Cadhain, Deasún Breatnach, Cian Ó hÉigeartaigh, Séamus Ó Tuathail, Proinsiasa Nic Uait,Séamus Ruiséal, Eoin Ó Murchú, Micheál Mac Aonghusa,Seán Ó Beacháin
Sonraí | |
---|---|
Cineál | eagraíocht abhcóideachta foilsitheoir |
Foirm dlí | |
Bunaitheoir(í) | Máirtín Ó Cadhain |
Suíomh gréasáin | misneachabu.ie |
Stailc Ocrais cuir in eagar
D'eagraigh an grúpa stailc ocrais seachtaine le linn chomóradh 50 bliain de Éirí Amach na Cásca, toisc go raibh fáillí déanta ag an stát i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, dar leo. Ghlac Deasún Breatnach, Cian Ó hÉigeartaigh, Séamus Ó Tuathail, Proinsiasa Nic Uait, Séamus Ruiséal, Seán Ó Beacháin, Micheál Mac Aonghusa, Eoin Ó Murchú, Seán Ó Laighin, agus Fiachra Ó Dubhthaigh páirt ann. Ghlac seisear i mBéal Feirste, a chuaigh ar stailc i gCumann Chluain Ard, páirt san fheachtas céanna. Ba iad sin Séamus Mac Seáin, Tomás Ó Monacháin, Brian Ó Maoileoin, Caoimhín Ó Loingsigh, Tomas Ó Duibhir agus Donnchadh Ua Bruadair.
Gluaiseacht na Gaeilge, Gluaiseacht ar strae cuir in eagar
D'fhoilsigh an grúpa paimfléad faoi pholaitíocht theanga na Gaeilge, Gluaiseacht na Gaeilge, Gluaiseacht ar strae a bhí bunaithe ar chaint a thug Máirtín Ó Cadhain uaidh i Lúnasa na bliana 1969. San óráid dúirt sé le Gaeilgeoirí páirt a ghlacadh in 'Athghabháil na hÉireann'. Is ón bpaimfléad seo a thagann ráiteas cáiliúil an Chadhanaigh: ' Arm cathartha Gaeilgeoirí ar son na Gaeilge agus ar son na hÉireann a theastaíos anois. '
Cruinniú an LFM cuir in eagar
Athnuachan cuir in eagar
Sa bhliain 2012 fógraíodh go raibh grúpa nua le bunú faoin teideal céanna agus go raibh cead faighte ag an ngrúpa seo ó bhaill seanMhisneach an t-ainm a thabhairt orthu féin chomh maith. Tá sé i gceist ag an ngrúpa seasamh 'radacach’ a thógáil ó thaobh na Gaeilge de. [1]