Uirlis atá ar eolas is in úsáid leis na cianta chun ábhair ghráinneacha a mheilt ina bpúdar. Is babhla é an moirtéar, déanta as ábhar crua. Is píosa cónach den ábhar céanna (nó ábhar crua eile) le ceann cruinn an tuairgnín, agus meiltear an t-ábhar gráinneach leis seo i gcoinne an bhabhla. Bíonn foirmeacha simplí in úsáid sa chistin is siopaí poitigéara. Úsáidtear foirmeacha cumhachtacha meicnithe sa tionsclaíocht.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Moirtéar is tuairgnín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 466.