Moosajee Bhamjee

polaiteoir Éireannach

Is iarpholaiteoir Éireannach de chuid Pháirtí an Lucht Oibre é Dr. Moosajee Bhamjee (rugadh é 4 Nollaig 1947). Ba é an chéad Teachta Dála Moslamach in Éirinn.

Infotaula de personaMoosajee Bhamjee
Beathaisnéis
Breith4 Nollaig 1947
76 bliana d'aois
Pietermaritzburg, An Afraic Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
14 Nollaig 1992 – 15 Bealtaine 1997 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 27ú Dáil

Toghcheantar: An Clár

Faisnéis phearsanta
ReiligiúnIoslam
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Ríoga na Máinleá in Éirinn Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsíciatraí, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí an Lucht Oibre Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh Moosajee Bhamjee i bPietermaritzburg na hAifrice Theas sa bhliain 1947. Inimirceach ón Ind sa bhliain 1906 ab ea a athair a thosaigh siopa crua-earraí ann. Fuair sé bás sa bhliain 1964 agus socraíodh go leanfadh mac amháin ag obair sa siopa agus go leanfadh mac eile ag staidéir. Thaistil Bhamjee go Baile Átha Cliath sa bhliain 1965 chun freastal ar Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn. Bhí beirt deartháir aige ag staidéir leighis i mBaile Átha Cliath ag an am céanna. Tar éis dó céim leighis a bhaint amach, d'fhill sé go dtí an Aifric Theas agus thosaigh sé ag obair mar dhochtúir ginearálta. D'fhill sé go hÉirinn sa bhliain 1975 agus phós sé cailín a bhí aithne aige uirthi ó bhí sé ina mac léinn i mBaile Átha Cliath. Bhog siad go Gaillimh agus níos déanaí go Corcaigh áit ar oileadh é mar shíciatraí. Thosaigh sé i bpost buan in Ospuidéal in Inis, i gContae an Chláir, 20 míle ó mhuintir a bhean chéile, sa bhliain 1984.

Chuaigh Bhamjee isteach i bPáirtí an Lucht Oibre sa bhliain 1991 agus roghnaigh é mar iarrthóir don pháirtí i ndáilcheantar an Chláir in olltoghchán na bliana 1992. Toghadh é, rud nach raibh éinne ag súil leis, de réir an bhorrtha ar líon vótaí Pháirtí an Lucht Oibre sa toghchán sin. Chuaigh Páirtí an Lucht Oibre isteach i gcomhrialtas le Fianna Fáil tar éis an olltoghcháin ach bunaíodh comhrialtas nua idir Páirtí an Lucht Oibre, Fine Gael agus an Daonlathas Clé dhá bhliain níos déanaí. Bhí Bhamjee mar chúlbhinseoir an t-am go léir agus lean sé ag obair mar shíciatraí. Níor sheas sé sa chéad olltoghchán eile sa bhliain 1997 agus chaill an páirtí an suíochán i gClár.