Muirgius mac Tommaltaig

rí Éireannach

Rí na gConnacht de chlann Uí Bhriúin ba ea Muiris mac Tomaltaigh (Sean-Ghaeilge Muirgius mac Tommaltaig) (bás 815)[1]. Indreachtach mac Muireadhaigh Mhoilleathain (bás 723), iar-rí, ba ea a shin-seanathair.[2] Tuairiscítear bás a athar, Tomaltach mac Murghail (bás 774) sna hannála, ina nglaoitear rí Mhaigh Aoi air.[3] Síol Muireadhaigh ba ea a mhuintir. Bhí sé i gcoróin ón mbliain 792 go dtí 815.

Infotaula de personaMuirgius mac Tommaltaig
Beathaisnéis
Breith8 haois
Bás815
Teaghlach
PáisteCathal mac Muirgiussa, Tadhg Mór Mac Muirgheas, Rí Chonnacht Cuir in eagar ar Wikidata
AthairTommaltach Mac Murgal Ó hIndreachtaigh
SiblínDiarmait mac Tommaltaig agus Finsnechta mac Tommaltaig

Cath ar son na corónach cuir in eagar

Dar leis na hannála, tháinig Muiris i gcoróin sa bhliain 792 tar éis Cath Sruth Cluana Argai (Cloonargid, Contae Ros Comáin), inar chloígh agus mharaigh sé Cináed mac Ardail de Shíol Chathail.[4] Sa bhliain 793, chuir seisean agus abb Aildobur (bás 800) Cáin Naomh Chomáin i bhfeidhm ag Ráth Cruachan.[5]

Cath suntasach eile a tharla sa bhliain 792 a bhí Cath Ard Maiccrime i gContae Shligigh, inár tugadh buille báis do mhuintir Uí Ailealla. I meán na marbh, bhí Cathmug mac Flaithbheartaigh de Cineál Chairbre agus Cormac mac Duibh dá Chrích de mhuintir Uí Bhriúin Bhréifne.[6] Deirtear i nAnnála na gCeithre Máistrí gur bhuaigh Muiris.[7] Tháinig Uí Bhriúin chun cinn in ionad Uí Ailealla agus lonnaigh géag de a branch of the Shíol Muireadhaigh ar Mhaigh Luirg.[8]

I nAnnála Inis Faithlinn, tugtar ina thásc an teideal rí do Cholla mac Fearghasa (bás 796). B'fhéidir gur chéile comhraic Mhuiriosa é.[9][10] Sa bhliain úd fosta, cloíodh Muiris i gCath Áth Féne ar an teorainn ó thuaidh leis na Ciarraige.[11]

Is léir go raibh sé ina rí gan freasúra tar éis Chath Dún Gainiba sa bhliain 799 inar bhuaigh Muiris in éadan Connacht eile.[12] Sa bhliain chéanna, chuir Gormgal, abb Ard Mhacha, Cáin Naomh Pádraig i bhfeidhm sna Connachta.[13]

Fo-dhreamanna faoi chois cuir in eagar

Sa bhliain 802, scrios Muiris an Dúin ag Loch Riach i Máenmag, críocha Uí Maine i ndeisceart an chúige.[14] An bhliain dár gcionn, d'éirigh na Sogain amach in éadan a thiarnaí Uí Mhaine sa cheantar seo.[15]

Bhí Muiris tar éis a mhac Cormac a chuir mar abb Bhaislice i gCiarraí Aoi ach mharaigh fir an cheantair Cormac sa bhliain 805. Scrios Muiris a gcuid tailte mar dhíoltas an bhliain chéanna.[16]

Sa bhliain 810, maraíodh beirt dá mhac, Tadhg agus Flaithnia, ag Luigne Chonnacht as an Corann. Mar dhíoltas, scrios Muiris a gcuid tailte.[17] Sa bhliain 812, he choinnigh sé Calraí Mhaigh Luirg agus ansin rinne sé ionsaí ar dheisceart na gConnacht.[18]

Naimhdeas don Ardrí cuir in eagar

Bhí Muiris mór i gcoinne mhianta an Ardrí, Aodh Oirdní mac Néill (bás 817) de Chineál Eoghain. Sa bhliain 805, thug Muiris tearmann do rí Laigean, Fínsneachta Ceathair Déag mac Ceallaig (bás 808) a bhí curtha ar a choróin ag Aodh. An bhliain dár gcionn, chabhraigh Muiris le Fínsnechta a choróin a fháil ar ais.[19]

Sa bhliain 808, thug Muiris tacaíocht do Chonchúr mac Donnchadha (bás 833), rí na Mí de Chlann Cholmáin ina éirí amach in éadan Aodha Oirdní. Chuaigh sé i gceannas slua na gConnacht chomh fada is an fhaiche aonaigh ag Tailte. Nuair a tháinig arm Aodha ar an bhfód, áfach, scaip na comhghuaillithe. Níor bhain Aodh díoltas amach ach ar fhir na Mí.[20]

Ionsaithe Lochlannacha cuir in eagar

Bhí roinnt ruathar Lochlannach thar muir ar na Connachta le réimeas Mhuiriosa. Sa bhliain 812, bhuaigh fir Umaill in éadan na n-ionsaitheoirí agus chloígh fir Chonmhaicne.[21] Sa bhliain 813, bhain na Lochlannach a ndíoltas amach ar fhir Umhaill agus mharaigh siad a rí, Dúnadhach.[22]

Caidrimh eaglasta cuir in eagar

Lean Muiris ag lorg tacaíochta ón eaglais agus sa bhliain 811 thug Nuadha, abb Ard Mhacha, cuairt ar na Cuideachta le srín Naomh Pádraig agus a Cháin.[23]

Sa bhliain 814, maraíodh Máel Dúin, abb Eachroma (Echdruim), ag Uí Mhaine. Eaglais gaolta le Cluain Mhic Nóis ba ea Eachroim, agus chuaigh Muiris agus Foircheallach, abb Chluain Mhic Nóis, ar feachtas díoltais i gcríocha Uí Mhaine isteach, taobh ó dheas den tSuca. Insítear sa hannála gur sáraíodh Cáin Adomnáin ar an bhfeachtas seo.[24]

Chuir Muiris Cáin Naomh Chiarán i bhfeidhm sna Connachta ag Ráth Cruachan sa bhliain 814 .[25]

Clann cuir in eagar

Rinneadh ríthe Chonnacht de dheartháireacha Mhuiriosa, Diarmaid (bás 833) agus Fínsneachta (bás 848), agus dá mhac, Cathal (bás 839).

Seo a leanas a mhic a d'éag i mbun troda: Cormac (bás 805), Tadhg (bás 810), Flaithnia (bás 810) agus Máel Dúin (bás 838 in aghaidh na Lochlannach).

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Annála Uladh
  • Annála Inis Faithlinn
  • Annála na gCeithre Máistrí
  • Byrne, Irish Kings and High Kings, ISBN 978-1-85182-196-9
  • T. M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ISBN 0-521-36395-0
  • Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe, Coláiste na Tríonóide.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals
  2. Francis J. Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 20
  3. Annála Uladh , AU 774.4
  4. AU 792.2
  5. AU 793.2
  6. AU 792.3
  7. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 787.15
  8. Byrne, Irish Kings and High-Kings, lch. 249
  9. Annála Inis Faithlinn, AI 796.3
  10. Byrne, Irish Kings and High-Kings, lch. 250
  11. AU 796.6
  12. AU 799.1
  13. AU 799.9
  14. AU 802.8
  15. AU 803.7
  16. AU 805.8
  17. AU 810.3
  18. AU 812.9
  19. Byrne, Irish Kings and High-Kings, ll. 160, 253
  20. Byrne, Irish Kings and High-Kings, lch. 253
  21. AU 812.8
  22. AU 813.4
  23. AU 811.1
  24. AU 814.4, 814.6
  25. T. M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 563