Murchadh MacPhàrlain

scríbhneoir Briotanach

Rugadh agus tógadh Murchadh MacPhàrlainBàrd Mhealaboist, i Mealaboist, sráidbhaile beag in aice le Steòrnabhagh, san Eilean Leòdhais. Ar scoil, d’fhoghlaim sé Béarla, Laidin agus roinnt Fraincise ach ní bhfuair sé oideachadh trí Ghaeilge riamh. 

Infotaula de personaMurchadh MacPhàrlain
Beathaisnéis
Breith15 Feabhra 1901
Mealabost, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Samhain 1982
81 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, saighdiúir, file Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraFilíocht
TeangachaGaeilge na hAlban

Musicbrainz: 0816dd51-14f8-4a2d-87fc-bb54cb3d1aeb Discogs: 1779478 Cuir in eagar ar Wikidata

Chuaigh Murchadh ag obair don Tiarna Leverhulme, ar chuid de na scéimeanna a bhunaigh sé ar Eilean Leòdhais, ach nuair a theip air sin, ar nós na mílte eile, chuaigh sé ar imirce go Ceanada. Chaith sé roinnt blianta i Manitoba, áit nár thaithin leis, agus d'fhill sé ar ais abhaile i 1932. Rinne sé a sheirbheis náiseanta idir 1942 agus 1945.

Chaith sé an chuid eile dá shaol i Leòdhas ag obair mar chrochtóir. Níor phós sé riamh.

Tríd an scríbhneoireacht, cuireann Murchadh síos ar an mhéid a chonaic sé agus a d’fhulaing sé féin, i Leòdhas, i gCeanada agus i mblianta an chogaidh.

Fuair cuid dá dhánta aitheantas trí bheith á gcanadh ag bannaí Gaelacha éagsúla, na h-Òganaich agus na Siaraich ina measc. Agus bhuaigh sé gradam as 'Mi le m’ Uillinn' a scríobh nuair a sheinn na h-Oganaich é ag an bhFéile Phan-Cheilteach 1972 i gCill Airne. Tá dhá leabhar d'filíocht Mhurchaidh foilsithe, An Toinneamh Dìomhair i 1973 agus Dàin Mhurchaidh i 1986.

D’éag sé 7 Samhain, 1982.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar