Osclóidh seo an príomhroghchlár
Merge-arrow.svg
Tá sé molta an t-alt seo nó an rannán seo a chumasc le [[::Astacach|Astacach]]. (Pléigh)
Uasmhéid na gcríoch a bhí faoi dhlínse na nAstacach

Ba iad na hAstacaigh an tsibhialtacht a bhí i seilbh Mheicsiceo, nó na gcríoch a dtugtar Meicsiceo orthu inniu, ón 14ú go 16ú haois. Ba í an teanga ba mhó a bhíodh á labhairt acu ná an Nahuatl. Maidir leis an bhfocal féin Astacach, is é is bunús leis ná aztecatl, uimhir iolra azteca, agus is gnách é a chiallú mar "dhuine ó Aztlan". B'éard a bhí i gceist le hAztlan ná an dúiche mhiotasach ónar tháinig lucht labhartha na teanga Nahuatl go Meicsiceo agus go Lár Mheiriceá. Glac na Mexica - an treibh a bhunaigh cathair Tenochtitlan, áit a bhfuil Cathair Mheicsiceo (Ciudad de México) inniu - an t-ainm sin chucu féin. Bhí na Mexica i gcomhghuaillíocht le dhá threibh thábhachtacha eile, na hAcolhua ó Texcoco agus na Tepaneca ó Tlacopan. Is gnách an Trípháirtíocht Astacach a thabhairt ar an gcomhghuaillíocht seo, agus ó bhí an teanga chéanna á labhairt ag an trí threibh seo gan aon trácht a dhéanamh ar na comhchosúlachtaí cultúrtha, is féidir Astacaigh a ghairm díobh go léir. Is minic a thugtar "Impireacht na nAstacach" ar an trípháirtíocht.

Ón tríú haois déag AD i leith ba é Gleann Mheicsiceo croí na sibhialtachta Astacaí. Chuaigh cumhacht na hImpireachta Astacaí i bhfad thar an ngleann, nó bhí na hAstacaigh ag forghabháil cathairstát i ndiaidh a chéile i Lár Mheiriceá agus ag cur de dhualgas ar mhuintir na stát seo dúchíos a íoc le Tenochtitlan. I mbarr a maitheasa bhain an tsibhialtacht seo amach dearscnaitheacht i saibhreas na hailtireachta, na n-ealaíon agus na dtraidisiún reiligiúnach. Sa bhliain 1521 áfach d'ionsaigh Hernán Cortés, an conquistador Spáinneach, an impireacht, agus d'éirigh leis rí (nó tlatoani) na nAstacach, Moctezuma a Dó, a chloí le lámh láidir. Fuair Cortés a lán comhghuaillithe as measc na dtreibheacha a bhí ag íoc cánach leis an tlatoani, nó bhí siad tinn tuirseach den dúchíos agus den dóigh a mbíodh na hAstacaigh ag íobairt daoine ó na treibheacha seo dá gcuid déithe. Bhí na híobairtí seo an-choitianta i gcultúr na nAstacach.