Is é Nairobi príomhchathair na Céinia, agus é ar an gcathair is mó sa tír sin freisin. Tá sé suite i gCúige Nairobi i ndeisceart na tíre, 150km slí ón Meánchiorcal: réigiún trópaiceach atá ann. Is é an chathair is mó daonra in oirthear na hAfraice é agus tuairim is 3 milliún duine ina gcónaí ann. Tá Nairobi 1795 méadar os cionn leibhéil na farraige. 150 km² achar iomlán na cathrach.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilNairobi

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 1°17′11″S 36°49′02″E / 1.2864°S 36.8172°E / -1.2864; 36.8172
Stát ceannasachan Chéinia
County of Kenya (en) AistrighNairobi County (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán5,545,000 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús7,966.95 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deSouthern Rift Valley (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla696,000,000 m² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde1,661 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1899
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód020 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód ISO 3166-2KE-110 Cuir in eagar ar Wikidata

Sa bhliain 1889 a bunaíodh stáisiún lasta Nairobi ar an iarnród idir Mombasa agus Uganda. Tháinig borradh agus fás ar Nairobí agus roghnaíodh mar phríomhchathair Oir-Afraic na Breataine é sa bhliain 1907, agus mar phríomhchathair phoblacht neamhspleách na Céinia sa bhliain 1963.

Is iad an tSvahaílis agus an Béarla príomhtheangacha na cathrach, ach úsáídtear teangacha eile ar nós Kikuyu, Luo agus an patois ar a dtugtar Sheng.

Leabharliosta cuir in eagar

  • (en) Raoul J. Granqvist, The bulldozer and the world : culture at work in postcolonial Nairobi, Peter Lang, Frankfurt, Berlin, Berne, 2004, 198 p.ISBN 3-631-52357-2
  • (fr) Claude Blevin et Jean Bouczo, Nairobi : un siècle d'histoire (1898-1997), Institut français de recherche en Afrique, Nairobi, 1997, 67 p.
  • (fr) Hélène Charton-Bigot et Deyssi Rodriguez-Torres (dir.), Nairobi contemporain : les paradoxes d'une ville fragmentée, Karthala, Paris ; IFRA, Nairobi, 2006, 527 p. ISBN 2-84586-787-5

Naisc cuir in eagar