Naomh Caoimhín

naomh Éireannach

Ba naomh Éireannach é Caoimhín (Sean-Ghaeilge Cóemgen, Caemgen; leagan Laidinithe Coemgenus; 498 (deirtear) – 3 Meitheamh 618), arbh fhearr aithne air mar bhunaitheoir na mainistreach i nGleann Dá Loch i gContae Chill Mhantáin.[1] Is é an 3 Meitheamh a lá féile.

Infotaula de personaNaomh Caoimhín

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith498 (Féilire Ghréagóra)
Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás3 Meitheamh 618
119/120 bliana d'aois
Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Ab
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Gairmmanach Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidPedrog
Ardú
Lá féile3 Meitheamh Cuir in eagar ar Wikidata

Luathshaol

cuir in eagar

Níl mórán eolais againn faoi shaol Chaoimhín mar níor mhair aon chuntas a scríobhadh lena linn.

Vita ann a scríobhadh i Laidin ag deireadh na Meánaoise, atá caomhnaithe i measc thaifid Chlochar na bProinsiasach i mBaile Átha Cliath, a chuir Seán Mac Colgáin in eagar mar chuid den Acta Sanctorum Hiberniae.[2] De réir an chuntais sin, rugadh Caoimhín de shliocht uasal (amhail Colm Cille), mac le Coemlog agus Coemell as Cúige Laighean. Deir an Vita gur rugadh é i 498 CR ag Dún an Fhuaráin Bháin agus gur bhaist Crónán Ros Cré é. Is comhfhocal é an t-ainm Caomgen a tugadh air: “caomh” + “gin” i litriú an lae inniu.[3] De réir traidisiúin a luadh sa 17ú haois, ba mhac léinn de chuid Pedrog é Caoimhín. Tháinig Pedrog go Cúige Laighean ó Chorn na Breataine timpeall 492. Níl an ráiteas seo ar fáil sa naomhsheanchas atá againn ó dheireadh na Meánaoise agus ón Nua-Aois Mhoch. Is cosúil go bhfuil sé bunaithe ar Vita breviora a fuair na heagarthóirí Bollandacha ó Henry Fitzsimon, ach nach bhfuil ann a thuilleadh.[4]

Tá roinnt finscéalta sa Vita a raibh comheagarthóir Mhic Colgáin, Francis Baert, in amhras fúthu, ach coinníodh in eagrán an 17ú haois iad toisc gur creideadh go ndeachaigh siad siar go dtí an tréimhse mheánaoiseach.[5] Mar shampla, tá finscéal ann a bhaineann le bó bhán a thagadh go dtí teach tuismitheoirí Chaoimhín nuair a bhí sé ina naíonán chun bainne a sholáthar dó gach maidin agus gach tráthnóna.

Gleann Dá Loch

cuir in eagar

Tá Gleann Dá Loch, nó Gleann an Dá Loch, ar cheann de na láithreacha fothracha mainistreach is tábhachtaí in Éirinn. Sular tháinig Caoimhín go dtí an áit, bhí an gleann uaigneach agus iargúlta agus an-fheiliúnach mar dhíseart spioradálta.

 
Leaba Chaoimhín

D’oirnigh an tEaspag Lugidus Caoimhín agus, tar éis a oirnithe, bhog sé go Gleann Dá Loch chun comhluadar a lucht leanúna a sheachaint. Bhí cónaí air mar dhíseartach i bpluais de dhéantús an duine go páirteach ar a dtugtar Leaba Chaoimhín anois. De réir an Vita, b'aingeal a threoraigh Caoimhín go dtí an áit.

Is pluais a gearradh amach as an éadan carraige i ngar d'imeall an tsléibhe í Leaba Chaoimhín. Tá sí suite thart ar 10m os cionn an locha uachtaraigh. Tá an bealach isteach chuig an bpluais an-deacair, agus caithfear dul trí phasáiste gearr atá 1m ar airde agus 80cm ar leithead. Taobh istigh den phluais, tá an príomhspás 1.2m ar leithead agus níos lú ná 1m ar airde. Luíonn sé le réasún gurbh áit chodlata amháin í, mar ní féidir le duine fásta a bheith ina sheasamh díreach inti.

De réir finscéil, bhain Lorcán Ua Tuathail úsáid as an “leaba” nuair a thugadh sé cuairteanna aithrí ar Ghleann Dá Loch, go háirithe le linn an Charghais. Deirtear freisin go ndeachaigh Mícheál Ó Duibhir, an reibiliúnach mór le rá as Cill Mhantáin, ar foscadh sa leaba nuair a bhí sé ar a theitheadh ó arm na Breataine. Más fíor, d'éalaigh sé ó shaighdiúirí trí léim isteach sa loch agus snámh go dtí an taobh eile.

 
Séipéal Chaoimhín ag Gleann Dá Loch

Mhair Caoimhín mar dhíthreabhach uaigneach ansin i gcumann leis an nádúr. Ba iad na hainmhithe agus na héin a chompánaigh. Mhair sé mar dhíthreabhach ar feadh seacht mbliana, ag caitheamh craicne ainmhithe amháin, ag codladh ar chlocha, agus ag ithe go spárálach.

Níor chaith sé bróga, agus chaith sé a chuid ama ag guí. Ba ghearr gur tharraing sé lucht leanúna, agus bunaíodh lonnaíocht nua darb ainm Cill Chaoimhín níos gaire do chladach an locha. Faoi 540, chuaigh cáil Chaoimhín mar mhúinteoir agus mar fhear naofa i bhfad agus i gcéin. Tháinig go leor daoine ag lorg cúnaimh agus comhairle.

Sa bhliain 544, thug Caoimhín cuairt ar Chnoc Uisnigh i gContae na hIarmhí chun casadh leis na habaí naofa, Colm Cille, Comhghall agus Cainneach. Ansin, chuaigh sé go Cluain Mhic Nóis, áit a bhfuair Ciarán bás trí lá roimhe sin. Chaith sé ceithre bliana ar an uaigneas i bhfad ó Ghleann Dá Loch, go dtí gur impigh a chuid manach air filleadh ar an mainistir.[3] Go dtí go bhfuair sé bás timpeall na bliana 618, bhí Caoimhín i gceannas ar an mainistir i nGleann Dá Loch, agus chaith sé a shaol ag troscadh, ag guí, agus ag teagasc. Tá Caoimhín ar dhuine de phátrúin Dheoise Bhaile Átha Cliath.

Oidhreacht agus adhradh

cuir in eagar

Rinne an Pápa Pius X canónú ar Chaoimhín ar an 9 Nollaig 1903.

Baineann ceann de na dánta is fearr a bhfuil aithne air de chuid Seamus Heaney, ‘St Kevin and the Blackbird’, le Caoimhín. Insíonn sé scéal faoi Chaoimhín agus a lámh sínte amach gan chorraí ar bith as. Déanann lon dubh nead ina lámh, beireann sí uibheacha, agus cleitíonn na héiníní.[6] Léirigh sraith pictiúirí a rinne an t-ealaíontóir Breatnach Clive Hicks-Jenkins timpeall 2009 scéal Chaoimhín agus an lon dubh trí dhán Heaney.

  1. Saint Kevin”. Encyclopædia Britannica.
  2. O'Hanlon (1873). "Lives of the Irish saints" (in en): 51. 
  3. 3.0 3.1 CATHOLIC ENCYCLOPEDIA: St. Kevin (Coemgen)”. www.newadvent.org.
  4. Jankulak (2000). "The Medieval Cult of St Petroc" (in en): 16. Boydell & Brewer. ISBN 978-0-85115-777-1. 
  5. Glendalough Monastic History, Co. Wicklow”. glendalough.connect.ie. Dáta rochtana: 2023-10-05. “Fr. Francis Baert, S.J., explains, “that although many of the legends given to this work are of doubtful veracity; it was decided to let them stand in favour of the antiquity of the document which is placed as having being written during or before the 12th century”.”
  6. Heaney, Seamus, The Spirit Level (London: Faber and Faber, 1996), pp20-1.