Columbán

misinéir Éireannach
(Athsheolta ó Naomh Columbán)

Ba mhisinéir Éireannach é Naomh Columbán (54023 Samhain 615; Laidin: Columbanus Bobiensis) a bhain clú agus cáil amach, ní hamháin dó féin ach do na nósanna Gaelacha a rug sé leis.

Columbán
San Colombano.jpg
Saol
Eolas breithe Cúige Laighean, 543
Bás Bobbio (en) Aistrigh, Samhain 23, 615
Áit adhlactha Bobbio Abbey (en) Aistrigh
Oideachas
Teangacha An Laidin
Múinteoirí Comhghall
Mic léinn Bladulfo (en) Aistrigh
Gairm
Gairm manach, misinéir, ab agus scríbhneoir
Féile
23 Samhain
Creideamh
Reiligiúin Chríostaíocht Cheilteach
Ord Q3454227 Aistrigh
uaimh in San Colombano di Bobbio, Emilia-Romagna, Italia

Luaitear é ar an manaigh mhiseanta ba thábhachtaí de chuid na hÉireann[1]. Is ceann de na Dhá Aspal Déag na hÉireann é. Ceiliúrtar a lá féile ar an 23 Samhain.

Bhunaigh sé roinnt mainistreacha ar mhór-roinn na hEorpa, i ríochtaí na bhFranc agus na Lombairde, ach go háirithe Luxeuil (sa Fhrainc an lae inniu) agus Bobbio (san Iodáil). Seasann Columbán mar eiseamláir de ghníomhaíocht na misinéirí Éireannacha san Eoraip le linn an Mheánaois-Luath.

Tá Columbán Naofa ina naomh-phatrún ar an Aontas Eorpach.

LuathshaolCuir in Eagar

Is i gCúige Laighean a rugadh Columbán. Chuaigh sé isteach mar mhanach i mainistir Bheannchair. I gceann tamaill bhí sé ina phríomhoide ansin.

MisinéireachtCuir in Eagar

Sa bhliain 591, ar an ábhar gur theastaigh uaidh dul ar “oilithreacht ar son Chríost”, d’fhág Columbán Beannchar in éineacht le beirt chompánach déag agus tháinig sé fhad leis an Bhurguin.

Bhunaigh Columbán mainistreacha in Annegray, Luxeuil agus Fontaine. Bhí an riail dhian Éireannach i bhfeidhm iontu go léir. Toisc gur cháin sé go mór caighdeán morálta chúirt an rí, díbríodh ón dúiche sin é.

D’éirigh le Columbán a bhealach a dhéanamh tríd an Eilbhéis agus bhunaigh sé mainistir i mBregenz.

 
Luxeuil

Thrasnaigh Columbán Sliabh Alpa. Bhunaigh Columbán a mhainistir dheireanach agus an ceann ba mhó clú i mBobbio, áit ar éag sé sa bhliain 615.

ScríbhneoireachtCuir in Eagar

Tá cáil ar a scríbhinní luachmhara diaga.

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Naomh Columbán, ab: Samhain 23 | Cumann na Sagart". www.cumannnasagart.ie. Dáta rochtana: 2020-11-14.