Naomh Fionnán (Cluain Ioraird)

naomh Éireannach

Manach Éireannach ba ea Naomh Fionnán (t. 470 – 549). Eisean a bhunaigh Mainistir Chluain Ioraird i gContae na Mí, agus tá sé áirithe orthu siúd a chuir an manachas ar bun in Éirinn. Bhí Dhá Aspal Déag na hÉireann ina ndaltaí aige.[1][2]

Infotaula de personaNaomh Fionnán

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breithc. 470 (Féilire Ghréagóra)
Míseal Cuir in eagar ar Wikidata
Bás549
78/79 bliana d'aois
Siocair bháisBás nádúrtha (Plá)
Ab
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmanach, múinteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinn de chuidCadog
Mac/iníon léinnNaomh Ciarán agus Colm Cille
TeangachaAn Laidin
Ardú
Lá féile12 Nollaig Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
MáthairTailech (en) Aistrigh
SiblínRíoghnach of Kilrainy (en) Aistrigh

Rugadh Fionnán i Ríocht Laighean. Ba iad Clanna Rudraige in Ulaid a mhuintir. Ba é Findlog (Fionnlagh) a athair, agus meastar gur láimh le Ros Mhic Thriúin a rugadh é. Ba é Abbán a bhaist é agus cuireadh faoi chúram an Easpaig Fortchern i mBaile Átha Troim é óna óige amach.[3]

Deir foinsí áirithe go ndearna sé staidéar ar feadh tamaill i mainistir Mháirtín ó Tours sa Ghaill, mainistir a raibh clú na déine uirthi. Bhain sé an Bhreatain Bheag amach ina dhiaidh sin agus rinne staidéar i mainistir Cadog ag Llancarfan in Morgannwg.[4] Rinne sé cóipeanna de chlasaicí na Róimhe agus den Vulgáid. Deir an Codex Salmanticensis gur chaith sé tríocha bliain sa Bhreatain Bheag, ach mar a deir Hickey (1996, lch 9), ní fhágfadh sin mórán ama aige chun an oiread sin rudaí fiúntacha a dhéanamh in Éirinn.[5]

Mainistreacha

cuir in eagar
 
Fionnán agus a dhaltaí i bhfuinneog dhaite in Eaglais Naomh Fionnáin i gCluain Ioraird

Tháinig sé go hAchadh Abhall i gContae Chill Mhantáin, áit ar bhronn Óengus (Aonghus), rí Laighean, suíomh air. Maítear gur bhunaigh sé mainistir ar Sceilg Mhíchíl amach ó chósta Chiarraí, ach tá staraithe in amhras an bhfuil sin fíor.[6] Chuaigh sé as sin go mainistir Bhríd ag Cill Dara.[7] Deirtear gur thug aingeal go Cluain Ioraird é timpeall 520, in aice le hAbhainn na Bóinne, agus go ndúradh leis gurbh í sin áit a aiséirí.

Tháinig cáil ar Fhionnán de bharr a chuid léinn agus cráifeachta agus tharraing scoláirí air as gach cearn.[8] Bhunaigh sé mainistir a lean nósanna na mainistreacha sa Bhreatain Bheag agus í sáite i dtraidisiúin Aithreacha an Fhásaigh agus i staidéar na Scrioptúr. Bhí clú na déine uirthi.[7] Na daltaí a bhí le mainistreacha dá gcuid féin a bhunú dúradh fúthu gur fhág siad Cluain Ioraird agus leabhar nó bachall nó a leithéid eile leo, rud a thugann le fios go raibh teach screaptra agus ceardlanna le fáil ag Cluain Ioraird go luath.[9]

In Bethada Náem nÉrenn (“Beathaí Naoimh Éireann”), bailiúchán lámhscríbhinní a cóipeáladh sa chéad chuid den 17ú haois, tá cuntas ar Dhá Aspal Déag na hÉireann:

Bhí dhá aspal déag na hÉireann i gCluain Ioraird ag foghlaim ag Fionnán, go ndearna Fionnán fleá do na hapstail agus do naoimh na hÉireann chomh maith. Is amhlaidh nuair ba shultmhaire dóibh ag ól gur mhothaigh siad an scoth sár-iontach sármhór chucu mar chomhartha Tíre Tairngire. Is é mar sin gur fhás achrann agus comhairle acu faoi dhul ag iarraidh thír na scotha. Ghabh gach duine a lámh seachas a chéile díobh dul ann, go ndearnadh crannchur eatarthu .i. idir an bheirt acu, gur tharla don dá Bhréanainn dul ann. Chuir an dá Bhréanainn crannchur eatarthu féin, cibé duine díobh ab éigean dul ag iarraidh Tír Tairngire. B’éigean mar sin do Bhréanainn Bhiorra dul ann.[10]

Meastar gurbh é Fionnán Chluain Ioraird nó Fionnán Mhaigh Bhile a scríobh Penitentialis Vinniani (“Peannadóir Fhionnáin”) agus caoga canóin ann a bhaineann le cléir agus le tuath, cé gur déine na peannaidí a chuirtear i bhfeidhm ar an gcléir. Cuireann an Peannadóir síos ar na hocht ndrochchlaontaí – craos, táth, saint, fearg, gruaim, falsacht, leithead agus mórtas.[11] Mar shampla:

Si quis clericus concupiuit uirginem aut aliquam feminam in anima sua sed non dixit per labia, si semel tantum concupiuit debet penitere VII dies cum pane et aqua per mensura.[12] (Má shantaíonn cléireach maighdean nó bean eile ina intinn ach nach n-admhaíonn sin os ard, agus mura ndéanann sé é ach uair amháin, caithfidh sé aithrí a dhéanamh ar feadh ocht lá le harán agus le huisce ina gcodanna cothroma.)

Deireadh beatha

cuir in eagar

Maítear go raibh na mílte dalta ag Fionnán i gCluain Ioraird uair amháin.[13] Bhí sé ar feabhas ag míniú na Scrioptúr, rud a mheall scoláirí ón mór-roinn féin. Mhúin sé Ciarán Chluain Mhic Nóis agus Colm Cille. Fuair sé bás den phlá in 549.[14] B’fhéidir go raibh sé timpeall seasca bliain d’aois nuair a cailleadh é.[14] Cuireadh é ina eaglais féin ag Cluain Ioraird.[8] Comórtar a fhéile ar an 12 Nollaig, dáta a dearbhaíodh ar dtús i bhféilire Spáinneach de chuid an 9ú haois. Le himeacht aimsire tháinig an mhainistir faoi smacht thaoisigh Uí Néill, agus an ab céanna aici is a bhí ag Cill Dara nó ag Cluain Mhic Nóis.[13]

Ba í Regnach (Reaghnach), deirfiúr Fhionnáin, banab Chill Reaghnach, in aice le Beannchar i gContae Dhoire.

Scoil Chluain Ioraird

cuir in eagar

Bhí iomrá le scoil Chluain Ioraird ar ionad léinn le haoiseanna i ndiaidh bhás Fhionnáin, ach thug na Lochlannaigh ruathair uirthi, agus rinne tiarnaí Gaelacha níos mó dochair fós. Coinníodh corp Fhionnáin ann anuas go dtí 887, nuair a scriosadh an scrín.[13] In 1206 d’aistrigh Easpag Rochfort Suí na Mí ó Chluain Ioraird go Troim.

  • MacKillop, Charles James (1998), A Dictionary of Celtic Mythology, Oxford.
  1. Ussher, James (1639). "Whole works" (as la) VI: Britannicarum ecclesiarum antiquitates. Dublin: Hodges & Smith. 
  2. Ware, James (1658). "Hibernicæ antiquitates" (as la). London: E. Tyler. 
  3. Thunder, John, "St. Finnian of Clonard" Irish Ecclesiastical Record, Vol. XIII, p. 810, 1892
  4. ""St. Finian of Clonard", All Saints Parish". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 1 May 2013.
  5. Hickey, Elizabeth (1996). "The Irish Life of Saint Finnian of Clonard: Master of the Saints in Ireland with a Commentary for the general reader": 9. Meath: Meath Archaeological and Historical Society. 
  6. De Paor, Liam (1955). "A Survey of Sceilg Mhichíl". The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland. 85 (2): 174–187
  7. 7.0 7.1 "Commemorated December 12/25. Venerable Finnian, Abbot of Clonard".
  8. 8.0 8.1 "CATHOLIC ENCYCLOPEDIA: School of Clonard".
  9. Hickey, Elizabeth (1996). "The Irish Life of Saint Finnian of Clonard: Master of the Saints of Ireland with a Commentary for the general reader": 17. Meath: Meath Archaeological and Historical Society. 
  10. Bator da apstol decc na h-Erenn h-i c-Cluain Iraird ica foghlaim oc Findian. Co n-derna Findian fleidh dona h-apstolaibh & do naemhaib Erenn archena. Amhail rob áiniu doibh ic comhól na fleidhe co nus-aicet in scoith n-dífhreccra n-dímhóir chuca dind comhartha tíre tairngire. Is ann dino ro fhás bruth & comhairle aca im dhol d' iarraidh tíre na scoithi. Nochar gabh nech do laimh sech a chele dibh dul ann; co n-dernadh crannchor etorra .i. iter cech n-dís dibh; co tarla iar sin don da Brenainn dol ann. Cuirit dino an dá Bhrénainn crannchor etorra fodhéin, cipé dibh dia roisedh dul d' iarraidh tíre tairngire. Rosoich dino do Brenainn Birrae dol ann. “Da apstol decc na h-Erenn”: http://www.ucc.ie/celt/published/G201000/index.html
  11. Duffy, Patrick "St Finnian, abbot of Clonard", Catholic Ireland News, 12 December 2012 Curtha i gcartlann 16 Deireadh Fómhair 2013 ar an Wayback Machine
  12. Penitentialis Vinniani, 16: http://www.michelegrazia.it/penitenziali/penitentialis-vinniani.html
  13. 13.0 13.1 13.2 Farmer, David Hugh (1997). "The Oxford dictionary of saints". Oxford [u.a.]: Oxford Univ. Press. 
  14. 14.0 14.1 Hickey, Elizabeth (1996). "The Irish Life of Saint Finnian of Clonard: Master of the Saints of Ireland with a Commentary for the general reader": 5. Meath: Meath Archaeological and Historical Society. 

Foinsí tánaisteacha

cuir in eagar
  • Hughes, Kathleen. "The Cult of St Finnian of Clonard from the Eighth to the Eleventh Century". Irish Historical Studies 9.33 (1954). Lgh 13–27.

Príomhfhoinsí

cuir in eagar
  • Lives of St Finnian of Clonard
    • Irish Life, ed. Whitley Stokes, Lives of the Saints from the Book of Lismore. Oxford, 1890. Vol. 2.
    • Beatha Laidine in Codex Salmanticensis (fos. 83r–86v), eag. J. De Smedt and C. De Backer, Acta Sanctorum Hiberniae ex codice Salmanticensi. Edinburgh et al., 1888. Cols 189–210.
    • Beatha Laidine in Bodleian, Rawlinson MS B 485 (fos. 54–8), agus Rawlinson B 505 (fos. 156v–160v). Gan foilsiú.
    • Elizabeth Hickey: The Irish Life of Saint Finnian of Clonard: master of the saints of Ireland. With a commentary for the general reader. Hrsg.: Meath Archaeological and Historical Society. 1996, ISBN 978-0-9500332-7-3.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar