Ne Temere (forógra na hEaglaise Caitlicí)

Forógra na hEaglaise Caitlicí is ea Ne Temere. Má tá pósadh measctha ann, chaithfí na leanaí a thógáil leis an gcreideamh Caitliceach. Níor cheadaigh an Eaglais Chaitliceach Rómhánach pósadh measctha san 1900idí gan siniú na foraithne Ne Temere.[1][2]

Pius X
5 Eanáir 1911ː slua mór agóideoirí i Halla Tionóil Bhéal Feirste

Stair cuir in eagar

Fógraíodh an Chuallacht don Chléir, faoi choimirce an Phápa Pius X, Ne Temere sa bhliain 1907 agus tháinig an forógra i bhfeidhm ar 19 Aibreán 1908.

Tharraing an forógra conspóid in Éirinn go háirithe; d'éiligh na heaspaí go mbeadh gach clann ag cloí go docht le Ne Termere.

Ar 5 Eanáir 1911, tháinig slua mór agóideoirí le chéile i Halla Tionóil Bhéal Feirste le cur in aghaidh Ne Termere.

Cás Tilson (1950) cuir in eagar

Toisc gur ghnáthnós sóisialta a bhí sa phósadh agus toisc go raibh fonn ar cheannairí an Stáit nua idé-eolaíocht Chaitliceach, thraidisiúnta, náisiúnach a chur i bhfeidhm, cuireadh béim ar leith ar an bpósadh, ar an teaghlach agus ar ról na mná sa phósadh agus sa teaghlach i ndiaidh bhunú an tSaorstáit in 1922.[3]

Sa bhliain 1950 a thángthas ar bhreith i gcás thábhachtach. Protastúnach fir darbh ainm Ernest Tilson a phós cailín Caitliceach Rómhánach agus a shínigh an fhoraithne Ne Termere roimhe sin, shocraigh sé dó féin (mar a shocraigh fir eile roimhe) nach dtabharfadh sé aon aird ar an rud a bhí sínithe aige (rud nár dhoiciméad stáit) agus go dtógfaí a gclann ina bProtastúnaigh i ndiaidh an iomláin.[4][5] Thug sé an chlann ar shiúl óna máthair. Pleadh an chúis sa Chúirt Uachtarach - agus socraíodh go gcaithfeadh seisean agus gach aon duine eile feasta cur leis na gealltanais a rinne siad sular phós siad.[4]

Ar bhealach thug breithiúnas Eaglais agus Stáit níos giorra dá chéile. Ag an am sin, níor cheadaigh an Eaglais Chaitliceach Rómhánach pósadh measctha gan síniú na foraithne Ne Temere - agus ón bhliain 1950 ar aghaidh in Éirinn, bhí tacaíocht Stáit leis an fhoraithne.[4]

Mar sin d’éirigh leis an Eaglais Chaitliceach smacht ní ba dhaingne a fháil ar choinbhinsiúin an phósta Chaitlicigh sna 1900idí.[3][6]

Níos déanaí cuir in eagar

Tháinig creimeadh tubaisteach agus leanúnach ar an bpobal Protastúnach in Éirinn ó Dheas, mar gheall ar thosca éagsúla, Ne Temere ina measc.[7]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Jesse Buck (2011-01-01). "The role of ne temere in the decline of an Irish custom regarding the religious affiliation of the children of mixed marriages" (academia.edu). 
  2. Eoin de Bhaldraithe (1988). "Mixed Marriages and Irish Politics: The Effect of "Ne Temere"". Studies: An Irish Quarterly Review 77 (307): 284–299. ISSN 0039-3495. 
  3. 3.0 3.1 Amy Mitchell (Ollscoil Mhá Nuad,) (2019). "[https://mural.maynoothuniversity.ie/12560/1/Tr%C3%A1chtas%20ioml%C3%A1n%203%20Noll.pdf ‘Níl Sé D’Acmhainn Agam Bheith Im Fhear’: An Fearfhile, An Traidisiún Fireann Agus An Fear Mífhearúil i Scríbhneoireacht Sheáin Uí Ríordáin]". Dáta rochtana: 2022.
  4. 4.0 4.1 4.2 Risteárd Ó Glaisne (Comhar, Samhain, 1963). "Cúngú na saoirse". DOI: 10.2307/20551581,. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-01-05. Dáta rochtana: 2022-01-05.
  5. vlex.com. "Re Tilson, Infants" (en). vLex. Dáta rochtana: 2022-01-05.
  6. Cormac Ó Comhraí: Sa Bhearna Bhaoil Gaillimh 1913-1923. Cló Iar-Chonnacht 2016, lch 321
  7. Máirín Hurndall (2016). "Léirímis meas mar is cóir ar an ‘oráiste’ sa trídhathach…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-01-05.
  8. "Separation of church and state" (as en) (2021-12-20). Wikipedia.