B’é Neelam Sanjiva Reddy  (19 Bealtaine 1913 -1 Meitheamh 1996) an séú uachtarán ar an India.[1]  Nuair a bhí sé 16 bliain d'aois, sa bhliain 1929, chas sé le Mahatma Gandhi agus chuaigh a chuid smaointe go mór i bhfeidhm ar Reddy, a d'éirigh ina thírghráthóir cruthanta ón lá sin amach.

Infotaula de personaNeelam Sanjiva Reddy

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(te) నీలం సంజీవ రెడ్డి
Beathaisnéis
Breith19 Bealtaine 1913
Kadapa, An India Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1 Meitheamh 1996
83 bliana d'aois
Bangalore, An India Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisNiúmóine
8 Ard-Rúnaí na Gluaiseachta Neamhailínithe
7 Márta 1983 – 11 Márta 1983
← Fidel CastroZail Singh →
Uachtarán na hIndia
25 Iúil 1977 – 25 Iúil 1982
← Basappa Danappa JattiZail Singh →
Speaker of the Lok Sabha (en) Aistrigh
26 Márta 1977 – 13 Iúil 1977
Speaker of the Lok Sabha (en) Aistrigh
17 Márta 1967 – 19 Iúil 1969
← Sardar Hukam SinghGurdial Singh Dhillon →
Chief Minister of Andhra Pradesh (en) Aistrigh
12 Márta 1962 – 20 Feabhra 1964
Chief Minister of Andhra Pradesh (en) Aistrigh
1 Samhain 1956 – 11 Eanáir 1960
Ball de Chomhthionól na hIndia
6 Iúil 1946 – 24 Eanáir 1950
Member of the 4th Lok Sabha (en) Aistrigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Hiondúchas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Madras
Rishi Valley School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisTeileagúis
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Janata (1977–1996)
Comhdháil Náisiúnta na hIndia (1930í–1977) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaTeileagúis agus An Hiondúis

Find a Grave: 8481567 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Teileagúigh agus tuathánaigh ab ea muintir Reddy, a tháinig as Anantapur, Andhra Pradesh.  Den ardcheast ba ea an teaghlach.[2]

Thosaigh Reddy ag déanamh staidéir sna healaíona in Ollscoil Madras ach d'éirigh sé as an gcoláiste i 1931.

Ghlac Reddy páirt sa ghluaiseacht náisiúnta Indiach ó na 1930idí go dtí gur bhain an tír a neamhspleáchas amach.[3] Cuireadh faoi ghlas é i bpríosún Amravati, idir 1942 agus 1945.

Bhí Reddy ina pharlaiminteoir agus ina aire i Stát Madras (Tamil Nadu inniu), 1949-1951, Bhí sé ina bhall de Thionól Bunreachta na hIndia chomh maith. Bhí sé ina Chéad-Aire ar Stát Andhra Pradesh ó 1956 go dtí 1960 agus arís ó 1962 go 1964,

D'éirigh Reddy ansin ina Aire Aontais (Cruach agus Mianaigh, 1964 to 1966 agus Iompar, Eitlíocht Shibhialta, Loingseoireacht agus Turasóireacht, 1966 go 1967).

Bhí Reddy ina Uachtarán ar an gComhdháil Náisiúnta Indiach ó 1960 go 1962.

Toghadh mar Cheann Comhairle an Lok Sabha é sa bhliain 1967 .

Uachtarán ar an India cuir in eagar

Ba iarrthóir oifigiúil Pháirtí na Comhdhála é i dtoghchán na huachtaránachta sa bhliain 1969. Ach fuair V. V. Giri an ceann is fearr ar Reddy, cé go raibh Giri ina iarrthóir neamhspleách don uachtaránacht. Fuair Giri tacaíocht ó Indira Gandh, ina príomh-aire ar an India ag an am, ós rud é go raibh eagla uirthi go gcuirfeadh an ruaig uirthi dá mbeadh an lá ag Reddy.

Chuaigh Reddy ansin isteach sa Lok Sabha mar iarrthóir de chuid an Pháirtí Janata nuair a fuair an dream sin ollbhua in olltoghchán 1977 agus atoghadh mar Cheann Comhairle é.

 
Dealbh Reddy, ollscoil SV (Sri Venkateswara)

Nuair a tharla folúntas uachtaránachta roinnt míonna ina dhiaidh sin, toghadh Reddy don phost sin, gan freasúra an uair seo. Chuir sé isteach a théarma cúig bliana iomlán mar Uachtarán, in ainneoin gur tháinig Indira Gandhi i réim gan stró an athuair, sa bhliain 1980.

Éire cuir in eagar

Thug Pádraig Ó hIrghile cuairt stáit ar an India agus ar Reddy sa bhliain 1978.[4]

 
an t-uachtarán Shri Pranab Mukherjee ag tabhairt ómóis, 2016

In earrach na bliana 1982, i dtreo dheireadh a théarma in oifig, thug Reddy cuairt stáit ar Éirinn. Ba é an dara Uachtarán Indiach a rinne é sin (i ndiaidh an Uachtaráin Sarvapalli Radhakrishnan sa bhliain 1964 agus príomh-aire Jawaharlal Nehru i 1949 agus ansin 1956).[5]

D'éirigh Reddy as an bpolaitíocht sa bhliain 1982.

Chniog niúmóine é agus d'éag ar an 1 Meitheamh 1996, in aois 83 bliain dó.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Neelam Sanjiva Reddy: Biography, Family, Early days in Politics, Criticisms & Awards" (en). Who-is-who (2018-02-03). Dáta rochtana: 2020-06-01.
  2. "Reddy's" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-06-01.
  3. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-06-01.
  4. RTÉ Archives (2012-07-05). "RTÉ Archives" (en). stillslibrary.rte.ie. Dáta rochtana: 2020-06-01.
  5. gov.in. "Foreign relations". Dáta rochtana: 2020.