Oifigeach póilíneachta Sóivéadach rúnda faoi Iósaf Stailín a bhí in Nikolai Ivanovich YezhovEzhov (Rúisis: Николай Иванович Ежов, 1 Bealtaine 1895 - 4 Feabhra 1940). Ba cheannasaí an NKVD (Daonchoimeasáracht na mBeartas Inmheánach) é, ó 1936 go 1938, le linn na tréimhse is dúnaimhde den Oll-Phurgú. Tugtar an "Yezhovshchina" air (Rúisis: Ежовщина), téarma a chumadh le linn feachtais dí-Stailínú na 1950í. Tar éis dó bheith i gceannas ar mhaisghabhálacha agus básuithe le linn an Oll-Phurgaithe, d'fhulaing Yezhov an deireadh céanna. Gabhadh é, d'admhaigh sé go raibh sé ciontach agus é faoi chéasadh go raibh sé freagrach as réimse gníomhaíochtaí frith-Shóivéadacha, agus cuireadh chun báis é sa bhliain 1940. Faoi thús an Dara Cogadh Domhanda, bhí stádas an neamhdhuine pholaitiúil aige, laistigh den Aontas Sóivéadach.

Nikolai Yezhov
Rúisis: Николай Иванович Ежов
[[Íomhá:|199px]]

Daon-Choimeasár d' Iompair Uisce
In oifig
6 Aibreán 19389 Aibreán 1939

Daon-Choimeasár do Ghnóthaí Inmheánacha
In oifig
26 Meán Fómhair 193627 Eanáir 1937

Dáta breithe 1 Bealtaine 1895
Áit bhreithe Cathair Pheadair, Impireacht na Rúise
Dáta báis 4 Feabhra 1940
  Moscó
Páirtí Páirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh
Gairm póilíní rúnda
Céile 1. Ekaterina Svanidze
2. Nadezhda Alliluyeva
Síniú
Nikolai Yezhov Signature 1938.png