Osclóidh seo an príomhroghchlár

I Miotaseolaíocht na nGael, céad rí na dTuath Dé Danann ab ea Nuadha Airgeadlámh (Sean-Ghaeilge NuaduNuada Airgetlám). Throid sé sa dá Cath Maighe Tuireadh leis na Tuatha Dé Danann in éadan na Fir Bholg|bhFear Bolg]] agus na bhFomhórach. Chaill Nuadha a lámh sa chéad gcath, ach rinne Dian Cécht, lámh nua airgid dó. Chreidtí gur dhia é a raibh gaol aige le dia na mBriotanach agus na nGallach, Nodens.[1]

Fear Tóin Re Gaoith, dealbh ársa eibhir d'fhear cogaidh, a chreidtear gur Nuadha atá ann.[1]

SanasaíochtCuir in Eagar

Is amhlaidh go bhfuil an t-ainm Nuadha fréamhaithe ón gCeiltis *noudont-*noudent-. Mhol J. R. R. Tolkien go raibh seo gaolta le fréamh Gearmáinice, le brí "faigh, feidhm a bhaint", níos luaite "gabh, ceap (i ngaiste)". Ag lua an naisc idir Nuadha agus Lludd agus lámha, d'airigh sé "mearchuimhne ... de lámh draíochta Nodens Ceapadóra".[2] Sa chaoi chéanna, Julius Pokorny derives an t-ainm ón bhfréamh Prótai-Ind-Eorpaise *neu-d- le brí arís "(feic, feidhm a bhaint," agus "téigh ag iascaireacht".[3]

Céad Chath Maighe TuireadhCuir in Eagar

Rí na dTuath Dé Danann ab ea Nuadha le seacht mbliana sular tháinig siad go hÉirinn. Bhuail siad leis na Fir Bholg, a bhí ann rompu, agus d'iarr Nuadha leath den oileán orthu, rud a dhiúltaigh a rí. D'ullmhaigh siad uile le haghaidh cogaidh, agus as gníomh múinte le haghaidh catha chothroim, lig siad dá chéile a bhfir agus a gcuid arm a iniúchadh.

I ríthe an chatha, an Chéad Cath Maighe Tuireadh, chaill Nuadha a lámh ag troid in éadan laoch na bhFear Bolg, Sreang.[4] Chuaigh comhghuaillí Nuadhad, Aengaba na Lochlannach, i gcomhrac in éadan Sreanga, ag fáil cneá mharfach. Idir an dá linn, bhí Nuadha á chosaint ag an Daghdha. Bhain na Tuatha Dé an lámh in uachtar sa chath, ach tháinig Sreang ar ais ar an bhfód chun dúshlán Nuadhad a thabhairt i gcomhrac aonair. Ghlac Nuadha an dúshlán, ar an mbonn go dtroidfeadh Sreang le lámh amháin aige ar chúl a dhroim. Dhiúltaigh Sreang, ach faoin ann seo, bhí na Fir Bholg geall le bheith cloíte. Thairg na Tuatha Dé ceathrú den tír do Shreang agus dá mhuintir (in ionad an leath roimh an gcath), agus chinn sé Connacht.[5][6]

Lámh airgidCuir in Eagar

Tar éis cailleadh a láimhe agus dá bharr de réir nósanna na dTuath Dé neamh-incháilithe mar rí le smál, tháinig i gcomharbacht air Breas, tiarna leath-Fomhórach a raibh cáil aige dá áilleacht agus éirim aigne. Chuir Breas cáin mhór ar na Tuatha Dé, a d'éirigh míshásta le riail leatromach agus easpa fáilteachais a rí nua. Faoin am seo, bhí lámh nua airgid aigeanta dó ag Dian Cécht lia Creidhne gabha (agus níos deireanaí le lámh nua déanta as feoil agus fuil ag mac Dhéin, Miach).[7] Cuireadh Breas as an ríogacht, tar éis bheith i réim le seacht mbliana. Tháinig Nuadha arís ina ionad, agus bhí sé i réim le fiche bliain ní ba mhó.[8][9][10][11]

Dara Cath Maighe TuireadhCuir in Eagar

Rinne Breas iarracht Nuadha a bhrú as coróin, le cabhair ón bhFomhórach Balar Drochshúil, agus tharla cogadh dá bharr. Nuair a tháinig Lugh óigeanta vigorous chuig cúirt Nuadhad, thuig an rí gurbh fhéidir leis an ógánach iolchumasach bheith i gceannas na Tuatha Dé in éadan na bhFomhórach, agus d'éirigh sé as ina fhabhar. Tharla an Dara Cath Maighe Tuireadh ina dhiaidh. Bhain Balar a cheann de Nuadha, ach d'agair Lugh díoltas amach. Mharaigh sé Balar agus bhuaigh na Tuatha Dé.[12][13][14]

Ar ceann de na Ceithre Sheod ab ea mórchlaíomh Nuadhad, tugtha go hÉirinn óna áit cónaithe i dtuaisceart an domhain.[15][16]

CaidrimhCuir in Eagar

D'fhéadfadh é gurb ionann Nuadha agus an phearsa aitheanta mar Neachtan, Nuadha Neacht agus Ealcmhar.

Deirtear i dtéacsanna na meánaoise go raibh beirt dheartháireacha ag Nuadha, Dian Cécht agus Gaibhne.[17] Bóinn ab ea bean chéile Nuadha,[1][1][18] Bhí Ethadon ar duine dá mhac, agus Gaible a gharmhac. Ghoid Gaible beart cipíní ó Aigne iníon an Daghdé, agus d'fhás coill bhreá san áit ar chaith sé iad.[19]

OidhreachtCuir in Eagar

I measc pearsana a raibh an t-ainm céanna acu, tá na hArd-Ríthe Nuadu Finn Fáil agus Nuadha Neacht, agus Nuadha, garathair ar thaobh na máthar d'Fhionn mac Cumhaill. Iomaitheoir Choinn Chétchathaigh ab ea Mogh Nuadhad. Bhí dream ann i sean Éirinn, na Delbhna, a raibh fo-dhream acu darb ainm Delbhna Nuadat, a raibh cónaí orthu i gContae Ros Comáin. Tá Maigh Nuad i gContae Chill Dara ainmnithe as.

Sa chuid réamhPhádraig d'Annála Inis Faithlinn, faightear iontráil faoi Nuadha. Sa chur síos ar dheighilt na hÉireann idir mic Éireamhón, deir sé, "Every family ... in Ireland is of the race of Nuadha on account of his maintenance by his kinsmen and on account of his patience."[20]

Macasamhalacha miotaisCuir in Eagar

Is gaolmhar é Nuadha le Nodens, dia Briotanach na seilge agus iascaireachta, gaolta le Mars na Rómhánach, agus le Nudd, pearsa miotasach na Breataine Bige. Is dócha go bhfuil an phearsa Bhreatnach, Lludd Llaw Eraint (Lludd Lámh Airgid), fréamhaithe ó Nudd Llaw Eraint trí chomhshamhlú uamach.[21] Is é Týr na Lochlannach dia eile atá gaolta le Mars.[22] Is é Sabazios dia Ind-Eorpach eile fáilte le lámh dhiaga.

Féach freisinCuir in Eagar

FoinsíCuir in Eagar

  • Leabhar Gabhála na hÉireann, Leabhar Laighneach, le fáil ar CELT
    • MS folio 8b - 9b, "... Lám argait co lánlúth cacha láma in cach meór & in cach alt dorat fair. Dían Cecht. in liaig. & Créidne cerd i congnam fris ..."
    • MS folio 10b - 11a, Tanaide cecinit, " ... coro íccad lám Nuadat ..."
    • MS folio 11a 30, Fland Mainstrech cecinit, "I Maig Tuired ba thrí ág / doceir Nuadu Argatlam"
  • Annála na gCeithre Máistrí, le fáil ar CELT, M3303.1, M3304.1, M3310.1, M3311.1, M3330.1
  • Annála Inis Faithlinn, Rawlinson B. 503, le fáil ar CELT, iontráil 68
  • Foras Feasa ar Éirinn, An ceud leabhar, le fáil ar CELT.
    • An naomhadh alt. "Do na céid ríoghaibh ro ghabh flaitheas Éireann...", lch. 196
    • An deachmhadh alt. "Do ghabháil Thuaithe Dé Danann ann so", lch. 204
    • An t-aonmhadh halt deug. "Do ghabhlughadh na droinge fá huaisle do Thuathaibh Dé Danann ann so síos", lch. 218
    • An dara halt deug. "Do ríoghaibh Tuaithe Dé Danann ann so...", lch. 220
      • sinsearacht: mac Euchtaig, mic Edarláimh, mic Ordan, mic Allaoi, mic Tait, mic Tabhairn, mic Euna, mic Iobáth, mic Beothaigh, mic Iarbhuineoil Fháidh, mic Neimheadh)
  • Dinnseanchas
    • Aoi, Dán 72, Loch Cé, "Drái Núadat"
    • Próis, Scéal 11, Fid n-Gaible (garmhac Nuadhad)
  • Chéad Chath Maighe Tuireadh, CnT H 2.17
  • Dara Cath Maighe Tuireadh, Harleian MS 5280, le fáil ar CELT

TagairtíCuir in Eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Ó hÓgáin, Dáithí. Myth, Legend & Romance: An encyclopaedia of the Irish folk tradition. Prentice Hall Press, 1991, ll. 326-327
  2. J. R. R. Tolkien, "The Name Nodens", aguisín le "Report on the excavation of the prehistoric, Roman and post-Roman site in Lydney Park, Gloucestershire", Reports of the Research Committee of the Society of Antiquaries of London, 1932
  3. Julius Pokorny, Indogermanisches etymologisches Wörterbuch, lch. 768.
  4. The First Battle of Mag Tuired, §48, ina deirtear go sonrach gur "bhain Sreang a lámh dheas óna ngualainn de; agus thit lámh an rí agus an tríú cuid dá sciath chun talún".
  5. Lebor Gabála Érenn, §58, 60, 64
  6. The First Battle of Mag Tuired, §20, 48, 56
  7. "Boí dano Núadae oga uothras, & dobreth láim n-argait foair lioa Díen Cécht go lúth cecha lámha indte", Dara Cath Maighe Tuireadh, lch. 32
  8. Leabhar Gabhála na hÉireann, §64
  9. The Second Battle of Mag Tuired, lch. 27-35 (Gray translation)
  10. Annála na gCeithre Máistrí, M3304-3310
  11. Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, 1.9
  12. The Second Battle of Mag Tuired, lch. 35-43, 61 (Gray translation)
  13. Annála na gCeithre Máistrí, M3311-3330
  14. Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, 1.21
  15. The Second Battle of Mag Tuired, lch. 25 (Gray translation)
  16. The Four Treasures of the Tuatha Dé Danann
  17. The Second Battle of Moytura Sections 74,75
  18. James MacKillop, Dictionary of Celtic Mythology, 1998, lch. 307
  19. Dindsenchas, "Fid n-Gaible"
  20. Annála Inis Faithlinn Cuid Réamh-Phádraig," iontráil 68.2
  21. James Mackillop, Dictionary of Celtic Mythology, 1998, lch. 266
  22. Mary Jones, "Nodens", Jones' Celtic Encyclopedia


Roimh
Eochaidh mac Eirc (1)
Breas (2)
Ard-Rí na hÉireann
ACM 1890-1870 RC
FFE 1470-1447 RC
Tar Éis
Breas (1)
Lugh (2)