Obráid Entebbe (1976)

Rinneadh tarrtháil ar na gialla le linn Obráid Entebbe ar 4 Iúil 1976 ag Aerfort Entebbe in Uganda. Ba chróga an tarrtháil í agus d'éirigh go geal leis.

Airbus 300 de chuid Air France

Na himeachtaíCuir in Eagar

 
na gialla, aerfort Ben Gurion, ag teacht abhaile

Cúpla lá roimhe sin, ar 27 Meitheamh, rinne buíon sceimhlitheoirí, a bhí bainteach leis an ‘Popular Front for the Liberation of Palestine’ eitleán de chuid Air France a fhuadach, díreach tar éis éirí in airde ón Aithin dó, agus é ar a shlí ó Iosrael go dtí an bhFrainc.[1]

 
na cománlaigh ag teacht abhaile

Bhí anbhá agus alltacht ann, ach mearbhall lena chois sin nuair a tugadh le fios go raibh an t-eitleán tar éis tuirlingt in Uganda mar a raibh an ghealt thíoránach Idi Amin i gcumhacht. É mórchúiseach, lán de bhuaileam sciath agus imithe glan as a mheabhair.[1] Chuir Idi Amin fáilte roimh na fuadaitheoirí fiú.

 
Cuimhneachán inniu in Entebbe

Ar an 4 Iúil, rinne forsaí ón Iorael ionsaí dásachtach ar an aerfort. Thuirling buíon cománlach as Iosrael i lár an oíche, agus tháinig siad aniar aduaidh ar na fuadaitheoirí.

CaillteanaisCuir in Eagar

Rinneadh tarrtháil ar na 106 giall; maraíodh triúr, gafa i lár an achrainn (bhí giall eile, Dora Bloch (76) gafa san ospidéal in Entebbe ag an am; feallmharaíodh í níos déanaí, gan trua, gan taise).[2] Maraíodh dheartháir Benjamin Netanyahu sa ruathar tarrthála (Lt. Col. Yonatan Netanyah), an t-aon cománlach Iosraelach a fuair bás.

Maraíodh na fuadaitheoirí go léir agus bhain caillteanais ollmhóra do Idi Amin. Fuair 46 saighdiúir de chuid Uganda bás cach go háirithe, scriosadh 11 MiG-17 and MiG-21, buamadóirí troda de chuid Uganda. Tharraing míchuibhiúlacht gníomhartha Uganda náire ar Idi Amin agus a rialtas, mar a chonacthas thar lear é.

Féach freisinCuir in Eagar

Scannáin

  • The Last King of Scotland (2006)[3]
  • Raid on Entebbe (1977);[4] Seven Days in Entebbe (2018)[5]

TagairtíCuir in Eagar

  1. 1.0 1.1 Breandán M Mac Gearailt (2018). "Tráthúlacht thruamhéalach ag baint le Seven Days in Entebbe ach é rómheáite róthomhaiste róleamh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-06-27.
  2. "Murder of Dora Bloch" (in en) (2021-04-14). Wikipedia. 
  3. "The Last King of Scotland (film)" (in en) (2021-06-20). Wikipedia. 
  4. "Raid on Entebbe (film)" (in en) (2021-06-23). Wikipedia. 
  5. "Entebbe (film)" (in en) (2021-06-08). Wikipedia.