Sraith feidhmchlár oifige shaor agus foinse oscailte is ea OpenOffice.org, ina bhfuil comhpháirteanna do phróiseáil focal, scarbhileoga, láithreoireacht, grafaic veicteoireach agus bunachair shonraí. Tá leaganacha ar fáil d'ardáin éagsúla, ar nós Microsoft Windows, córais Unix-iúla leis an X Window System ar nós GNU/Linux, BSD, Solaris agus Mac OS X.

OpenOffice.org
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáloffice suite (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaithe arStarOffice (en) Aistrigh
Bunleagan1 Bealtaine 2002
Leagan bogearraí
3.3.0 (17 Eanáir 2011)
3.4.0 Beta 1 (12 Aibreán 2011) Cuir in eagar ar Wikidata
CeadúnasGNU Lesser General Public License (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ar fáil sa
Saintréithe teicniúla
Córas oibriucháinGNU/Linux, BSD, Microsoft Windows, macOS agus córas oibriúchán cosúil le Unix
ArdánJava Virtual Machine (en) Aistrigh
Scríofa iC++ agus Java
Foireann
Forbróir(í)Sun Microsystems
Foinsí cóid
Tuilleadh eolais
Láithreán Gréasáinopenoffice.org (Béarla) Cuir in eagar ar Wikidata
CA. PRONOMx-sfw/262 Cuir in eagar ar Wikidata

Twitter: apacheoo Cuir in eagar ar Wikidata

Tá sé mar chuspóir a lucht forbartha go mbeadh sé comhoiriúnach le Microsoft Office. Tacaíonn sé an caighdeán Open Document a ghabhann le hidirmhalartú sonraí.

Is féidir an OpenOffice a úsáid in aisce.

Comhpháirteanna cuir in eagar

Bailliúchán d'fheidhmchláir éagsúla atá in OpenOffice.org a chomhoibríonn le chéile. I measc na gcomhpháirteanna, tá:

  • OpenOffice.org Writer: Próiseálaí Focal fuinniúil lenar féidir leat doiciméid, tuarascálacha, nuachtlitreacha agus bróisiúir a chruthú.
  • OpenOffice.org Calc: Scarbhileog atá lán le gnéithe sainiúla.
  • OpenOffice.org Impress: An modh is tapúla chun taispeántais ilmheáin a chruthú.
  • OpenOffice.org Draw: Cuirfidh an clár seo ar do chumas idir léaráidí simplí, léiriúcháin bhríomhara thríthoiseacha, agus maisíochtaí éagsúla a dhéanamh.
  • OpenOffice.org Base: Clár láidir a thabharfas na huirlisí cuí duit gnáthobair bunachar sonraí a dhéanamh go simplí ar bhonn scarbhileoig.
  • Macrathaifeadán
  • OpenOffice.org Math: Clár a chuidíonn leat obair le cothromóidí matamaiticiúla.
  • Meardhúisire

Ní féidir na comhpháirteanna seo a lódáil anuas ina n-aonar, ach is féidir iad a shuiteáil ar leith ar Windows (ní féidir é seo a dhéanamh ar Linux nó ar Mac OS X).

Naisc sheachtracha cuir in eagar