Is comhphobail fir nó mná atá ina gcónaí le chéile faoi riail coitinn é Ord Rialta. Tá tábhacht faoi leith ag an saol rialta i measc na mBuideach, san Críostaíocht, san traidisiún Sufi an Ioslaim, agus reiligiúin eile ar fud an domhain.

"San Buenaventura recibe el hábito de San Francisco", le Francisco de Herrera el Viejo (1628)

Críostaíocht cuir in eagar

Eaglais Chaitliceach cuir in eagar

San Eaglais Chaitliceach tá oird rialta fireann scartha i gceithre rang:

Canónaigh Rialta cuir in eagar

Cuireadh tús leo san 10ú haois. 'S iad Canónaigh Rialta Naomh Aibhistín agus na Praemonstraiteinsigh an dá is fearr athnid. De ghnáth, úsáideann na hOird seo Riail Naomh Aibhistín.

Manaigh cuir in eagar

Cé go bhfuil manaigh ag an Eaglais Chaitliceach ó aimsir Impireacht na Róimhe, níor cuireadh eagar ar na mainistreacha in Oird go dtí an 11ú haois. 'S iad na Beinidictigh, na Cistéirsigh agus na Cartúísigh na hoird is fearr aithnid san Iarthar agus úsáideann siad Rial Naomh Beinidict. San Oirthear, tá traidisiún difriúil i gceist agus tá an chuid mhór-chuid manaigh Caitliceacha an Oirthir in Ord Naomh Basil, faoi Rial Naomh Baisíl.

Bráithre cuir in eagar

Cuireadh tús leis na Bráithre Bochta sa 13ú haois le Naomh Doiminic agus Naomh Proinnsias Assisi. 'S iad na ceithre mhór oird bráithre ná na Proinnsiasaigh, na Doiminicigh, na Agaistínigh agus na Cairmilítigh. Tá a riail féin ag na Cairmilítigh agus na Proinsiasaigh, ach úsáideann an chuid eile Riail Naomh Aibhistín.

Cleircigh Rialta cuir in eagar

Tháinig na cleircigh rialta chun cinn in aimsir an Reifirméisin san 16ú haois, go háirithe tar éis Comhairle Treinte. 's é an ord cleircigh rialta is cáiliúil ná an tOrd Íosánach.

Tar éis sin, tháinig comhthionóil i bhfeidhm nach bhfuil rialacha agus eagraíocht chomh dian, ar nós na Uinsinnigh, na Páisigh agus na Fuascailteoirigh.

Eaglais Cheartchreidmheach cuir in eagar

San Eaglais Cheartchreidmheach, tá an-tábhacht leis an saol rialta - mar shampla, ní féidir sagart a cheapadh ina easpag muna bhfuil sé ina mhanach. Ach níl an eagraíochta céanna acu. Leanann mórchuid de mainistreacha Cheartchreidmheacha Riail Naomh Basil.

Protastúnachas cuir in eagar

Chuaigh na Protastúnaigh i gcoinne an saol rialta ag an Reifirméisin, ach ón 19ú haois, cuireadh tús leis an saol rialta Protastúnach, go háirithe sna heaglaisí Anglacánacha agus Liútaránacha.

Tagairtí cuir in eagar