Orgánach géinmhodhnaithe

(Athsheolta ó Orgánach géinathraithe)

Orgánach a bhfuil an cód géiniteach ann athraithe trí theicníocht innealtóireachta géinití, gan na modhanna nádúrtha atáirgthe a chur san áireamh, is ea orgánach géinmhodhnaitheOGM.

agóid i mBÁC, 2015

De ghnáth táirgtear na horgánaigh thrasghéineacha seo ar chúiseanna trádálacha.

OGM timpeall an domhain

Tréithe cuir in eagar

Is féidir go mbeidh ainmhithe, plandaí nó miocrorgánaigh (baictéir, giostaí, fiú cealla mamacha saothraithe) i gceist. Maidir leis na trasghéinte a chuirtear sna horgánaigh seo, is minic a bhíonn meascán géinte iontu ó víris, planda is ainmhí, iad nasctha le réigiún códaithe d'einsím baictéir.

Is féidir ainmhithe a athrú chun comhdhúile gníomhacha cógasacha a tháirgeadh sa bhainne, mar shampla, nó comhdhéanamh na bpáirteanna a itear a athrú, nó géinte a chur ann a dhéanfaidh na fíocháin oiriúnach le trasphlandú i ndaoine.

Is féidir géinte a chur le baictéir, giostaí is cealla mamacha saothraithe a ligfidh dóibh cuid mhaith próitéiní ar leith a tháirgeadh: inslin, hormón fáis, fachtóirí téachtaithe fola agus eile.

Is féidir biabharra a athrú chun gur féidir iad a spraeáil le luibhicídí a bheadh tocsaineach don bhunphlanda, nó próitéiní a dhéanamh a bheadh tocsaineach do lotnaidí áirithe.

B'fhéidir go mbeidh torthaí feabhsaithe le fáil ó bhiabharra trí ghéinathrú amach anseo.

Conspóidí cuir in eagar

Tá imní forleathan sa phobal maidir leis na GMOanna seo go bhfuil géinte á scaipeadh amach sa nádúr agus i mbianna ainmhithe is daoine a d'fhéadfadh a bheith dochrach sa mheántéarma, nach bhfuil tástáil chuimsitheach shásúil á déanamh orthu roimh iad a úsáid, nó ar a n-iarmhair sa nádúr.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Orgánach géinathraithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 499.