Osclóidh seo an príomhroghchlár
Benign gastric ulcer 3.jpg

Othrasú cuid de líneáil an ghoile nó an dúidéinim mar thoradh ar chnaí ag an aigéad gastrach. Is iad na siomtóim a fhéadfaidh tarlú ná mídhíleá éadrom suas go dtí eachtraí péine troime sa bholg uachtarach, masmas is urlacan.

Aimhréidh is féidir leis tarlú is ea cur fola trom, nó bréifin a fhéadfaidh tús a chur le peireatóiníteas.

I measc na bhfachtóirí a dhéanann an duine toghrach don riocht seo tá caitheamh tobac, alcól, strus, agus drugaí greannaitheacha cosúil le haspairín.

I gcuid mhaith cásanna bíonn baint ag coilíniú na conaire stéigí uachtaraí ag an mbaictéar Helicobacter pylori leis.

TagairtíCuir in Eagar