Pádraig Ó Snodaigh
foilsitheoir agus gníomhaí Éireannach
Rugadh Pádraig Ó Snodaigh i gCeatharlach sa bhliain 1935. Chaith sé tamall ag obair do Bhord Soláthair an Leictreachais, agus ansin san Iarsmalann Náisiúnta. Bhí sé seal ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge.
Pádraig Ó Snodaigh | |
---|---|
| |
Saol | |
Eolas breithe | 1935(85/86 bliain d’aois) |
Náisiúntacht | Éire |
Muintir | |
Páistí |
liosta iomláin
|
Oideachas | |
Teangacha | An Ghaeilge |
Gairm | |
Gairm | scríbhneoir |
Bhunaigh Pádraig Ó Snodaigh an comhlacht foilsitheoireachta Coiscéim.ie agus d'fhoilsigh breis le míle leabhar i nGaeilge. Tá filíocht, úrscéalta agus aistí staire dá chuid féin foilsithe chomh maith.
Tá sé pósta leis an ealaíontóir Cliodhna Cussen. Tá triúr mhac le Ó Snodaigh sa bhanna cheoil Kíla, Rossa, Rónán agus Colm. Is mac éile leis Aengus Ó Snodaigh, Teachta Dála de chuid Shinn Féin.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |