Pádraig Mac Fhearghusa

scríbhneoir Éireannach

Rugadh Pádraig Mac Fhearghusa i mBaile Átha Fínín in iarthar Chontae Chorcaí sa bhliain 1947. File nótáilte agus gníomhaí Gaeilge is ea é.

Infotaula de personaPádraig Mac Fhearghusa

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1947
76/77 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Feasta, lógó

D'fhreastail sé ar Choláiste Bhréanainn i gCill Airne agus ansin ar Choláiste Phádraig i nDroim Conrach, mar ar cháiligh sé mar oide bunscoile. Bhain sé amach céim BA sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sa bhliain 1970 i nGaeilge, i Stair agus i bhFealsúnacht. Sa bhliain 1971 rinne sé an tArd-Teastas san Oideachas i gColáiste na Tríonóide. Ba bhunmhúinteoir é go dtí an bhliain 1975, agus d’aistrigh sé ansin go dtí Meánscoil an Leith-Triúigh i gContae Chiarraí.

Bhunaigh sé Scoil Lán-Ghaeilge Mhic Easmainn i dTrá Lí sa bhliain 1978, agus bhí lámh aige i mbunú trí Ghaelscoil eile. Chuidigh sé le Ghaelcholáiste Chiarraí a bhunú, agus ba é cathaoirleach an choláiste.

Bhí sé ina Uachtarán Chonradh na Gaeilge: atoghadh é sa bhliain 2010 agus sa bhliain 2024.

Saothar cuir in eagar

Bailiúcháin filíochta agus eile atá foilsithe aige:

  • Faoi Léigear (Baile Átha Cliath, An Clóchomhar Tta.,1980)
  • Mearcair (Baile Átha Cliath, Coiscéim), díolaim a bhain Duais Náisiúnta na Filíochta ag Oireachtas na Gaeilge sa bhliain 1996
  • An Dara Bás (Coiscéim, 2002), díolaim a bhain Duais Náisiúnta na Filíochta ag Oireachtas na Gaeilge sa bhliain 2002
  • Tóraíocht an Mhíshonais, tús eolais ar shaothar Freud agus Jung (Coiscéim, 1997).

Is é an t-eagarthóir é ar mhíosachán liteartha Feasta.

Cuireadh dhá dhán dá chuid, 'An Teaghlach Naofa agus Naomh Eoin i dTírdhreach' agus 'Eibhlinn', isteach i dTaisce Aithris Filíochta na hÉireann.

Naisc Sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar