Pápa Pius IX
Bhí Pius IX Beannaithe (Iodáilis: Pio Nono) mar dhuine de na pápaí ar an Eaglais Chaitliceach is conspóidí riamh. Chaill sé an flaitheas saolta nuair a ghabh Giuseppe Garibaldi na Stáit Pápúil i 1870, tar éis don Chéad Comhairle Vatacáine a fhógairt nach ndéanfadh an Pápa faillí agus é ag labhairt ex cathedra ar ábhar creidimh.
Giovanni Maria Mastai-Ferretti | |
![]() | |
Tús a Réimis | 1846 |
---|---|
Deireadh a Réimis | 1878 |
Réamhtheachtaí | Greagóir XVI |
Comharba | Leo XIII |
Sonraí pearsanta | |
Dáta Breithe | 13 Bealtaine, 1792 |
Áit Breithe | Senigallia, An Iodáil |
Dáta Báis | 7 Feabhra, 1878 |
Áit Bháis | An Róimh |
LuathshaolCuir in Eagar
Rugadh Giovanni Maria Mastai-Ferretti i Senigallia san Iodáil in 1792. Oileadh é mar shagart agus bhí sé ag obair sa tSile agus Peiriú sula fill sé ar ais ar an Iodáil mar Ardeaspag Spoleto in 1827. Ceapadh é mar Easpag Imola (a bhí i bhfad níos tábhachtaí ná Spoleto) agus cairdinéal in 1839.
PápaCuir in Eagar
Tógadh Mastai-Ferretti mar Phápa in 1846 tar éis bháis Ghreagóir XVI. Bhí cáil air mar liobrálaí ag an am. Ghlac sé an cairdinéal liobrálach, Gizzi, mar Rúnaí Stáit.
Nuair a rinne na náisiúnaí Iodáileacha ionsaigh ar an Róimh in 1848, bhí ar an bpápa éalú ón Róimh. Tháinig sé ar ais le mheon athraithe, agus fís fíor-choimeádach aige.
I 1860 ghabh Garibaldi mór-chuid de críocha an Phápa, am a bhí aontú na hIodáile ar siúl. Tháinig deireadh le cumhacht saolta an Phápa nuair a ghabh Ríocht Iodáileach an Róimh agus an méid a d'fhan dena Stáit Pápúil. Ó shin i leith, chuir Pius IX 'príosúnach na Vatacáine' air féin. Thosaigh mór-fhadhbanna ansin le Poblacht nua na Fraince agus Impireacht na Gearmáine tar éis do Bismarck an Kulturkampf a cuir i bhfeidhm. Ba léir nach raibh an meas céanna ar na mór-chumhachtaí ar an bPápa nuair nach raibh críocha saolta aige.
DiagachtCuir in Eagar
In 1854, d'fhógair sé go raibh Muire gan smál mar dhogma Caitliceach. In 1864, d'fhógair sé an Syllabum Errorum a chuir síos earráidí na nua-aoise.
In 1869, ghlaoigh sé an Chéad Comhairle Vatacáine ag d'fhógair go mbeadh an Pápa saor ó earráide nuair a labhair sé ex cathedra (ón gcathaoir) ar ábhair chreidimh nó morálta. Tháinig scoilt san eaglais le bhunú an Eaglais Sean-Chaitliceach.
Pius IX & ÉireCuir in Eagar
Cheap Pius IX Pól Ó Cuilinn, Ard-easpag Átha Cliath, mar an chéad cairdinéal Éireannach i stair na heaglaise.
Bás agus comharbasCuir in Eagar
Fuair an Pápa Pius IX bás i 1878. Chaith sé níos mó ná 31 bhliain mar phápa. Tháinig Leo XIII i gcomharbacht air.
Rinne Eoin Pól II beannú ar Pius IX i 2000.