Is réigiún san Iodáil é Píodmant,[1] atá suite i dtuaisceart na tíre. Piemonte an t-ainm Iodáilise. Piemont an leagan a úsáidtear sa teanga áitiúil. Is í Torino príomhchathair an réigiúin.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilPíodmant
Piemont (oc)
Piemonte (it)
Piemont (pms) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach
Bratach

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 45°15′N 7°55′E / 45.25°N 7.92°E / 45.25; 7.92
Stát ceannasachan Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairTorino Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán4,341,375 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús171.01 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla25,387 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde421 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1970
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas Phíodmant Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachComhairle Réigiúnach Phíodmant Cuir in eagar ar Wikidata
• President of Piedmont (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataAlberto Cirio (2019–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2IT-21 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSITC1 Cuir in eagar ar Wikidata
ISTAT ID (en) Aistrigh01 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinregione.piemonte.it Cuir in eagar ar Wikidata

"Chois na sléibhte" is brí leis an ainm sin Píodmant (ad pedem montium as Laidin), agus na hAlpa ag timpeallú an réigiúin ó thrí thaobh. Tá an réigiún ag críochantacht leis an bhFrainc, an Eilvéis agus roinnt réigiún eile san Iodáil, mar atá, Liguria, Gleann Aosta, an Lombaird, agus Emilia-Romagna.

Stair cuir in eagar

Ar dtús, ba iad na treibheanna Ceilteacha, cosúil leis na Taurini agus na Salassi, a bhí ina gcónaí sa réigiún. Timpeall ar 220 RC, chuir na Rómhánaigh faoi chois iad. Coilíneachtaí Rómhánacha iad ó thús Torino (Augusta Taurinorum) agus Ivrea (Eporedia), mar shampla. I ndiaidh d'Impireacht Rómhánach an Iarthair dul de dhroim an tsaoil, rinne idir chomharsana agus eachtrannaigh is bharbaraigh éagsúla léirscrios timpeall an réigiúin.

Sa bhliain 1046, rinne Ódó (nó Ottó), Cúnta Shaváí, a chuid féin de Phíodmant. Sa bhliain 1416, rinneadh Diúcacht de Shaváí, agus sa bhliain 1563, d'athraigh an Diúc Emanuele Filiberto a chúirt go Torino. Sa bhliain 1762, bhain Diúc Phíodmant amach ríghe na Sairdíne, agus tháinig Ríocht Phíodmant agus na Sairdíne ar an bhfód.

Sa bhliain 1796, d'fhorghabh trúpaí réabhlóideacha na Fraince an réigiún, agus ghair na réabhlóidithe áitiúla poblacht de - Poblacht Alba, nó repubblica di Alba. Cathair bheag i bPíodmant é Alba, i gceantar a bhfuil clú agus cáil ar a chuid fíonta. Níor mhair an phoblacht - ná an dara poblacht a bunaíodh ina dhiaidh sa réigiún, mar atá, an Phoblacht Fho-Alpach nó Repubblica Subalpina - i bhfad, agus le fírinne ní raibh iontu riamh ach stáit shoip a bhí i dtuilleamaí na Fraince le haghaidh tacaíochta. Nuair a tháinig Comhdháil Vín le chéile, cuireadh Ríocht Phíodmant agus na Sairdíne ar bun arís, agus bhronn an Chomhdháil ríocht Genova ar rí Phíodmant agus na Sairdíne le go mbeadh an tír ní ba láidre dá n-ionsódh na Francaigh arís í.

Ba í Ríocht Phíodmant agus na Sairdíne túsphointe an Risorgimento, is é sin, athaontú na hIodáile ón mbliain 1859 ar aghaidh. Go bunúsach, shealbhaigh Rí Phíodmant iomlán na hIodáile de réir a chéile, agus an ríocht Iodálach a tháinig ar an bhfód mar seo, ba í Ríocht Phíodmant í, de jure. Ar dtús, ba í Torino príomhchathair na hIodáile seo, ach ansin, hathraíodh an phríomhchathair go Flórans, agus ina dhiaidh sin go dtí an Róimh.

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Píodmant” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-12.
 
Biella, Píodmant