Pairilis cheirbreach
Neamhord is ea pairilis cheirbreach a tharlaíonn mar thoradh ar dhamáiste don inchinn le linn forbartha sa bhroinn nó le linn naíonachta.
Tá grúpa riochtaí casta a ghoilleann ar ghluaiseacht agus staidiúir toisc go bhfuil damáiste nó teip ann i bhforbairt chuid den inchinn a rialaíonn gluaiseacht. Tarlaíonn sé seo sula mbeirtear an leanbh, le linn breithe nó le linn luath-óige sula sroicheann fás na hinchinne leibhéal aibíochta áirithe.[1]
Meastar go gcuireann pairilis cheirbreach isteach ar 1 as 400 dalta in Éirinn.
Ceiliúrtar an Lá Domhanda Feasachta ar Phairilis Cheirbreach ar 6 Deireadh Fómhair.
CúiseannaCuir in Eagar
Bíonn saghsanna éagsúla damáiste don inchinn taobh thiar den neamhord seo, galair na máthar le linn an toirchis, easpa ocsaigine le linn beirthe, ionfhabhtaithe víreasacha le linn naíonachta is eile ina measc. Ach ní bhíonn an chúis ar eolas de ghnáth.
SiomptóimCuir in Eagar
Tá éagsúlacht mhór sa tionchar a bhíonn ag pairilis cheirbreach ó dhuine go duine. D’fhéadfadh an duine óg bheith míshuaimhneach, corrach.[2] Tugtar neamhluail air seo. D’fhéadfaí gur chúis deacrachtaí fisiceacha agus tearc-chaidrimh shóisialta í pairilis cheirbreach; is féidir difríochtaí ollmhóra a bheith idir beirt ógánach ar bith a bhfuil an riocht seo orthu.
Go ginearálta, is iad seo na saintréithe a bhaineann le pairilis cheirbreach: gluaiseachtaí preabacha agus easpa comhordú gluaiseachtaí ainneonacha, droch-chothromaíocht choirp, matáin spasmacha agus máchail chainte (agus uaireanta pairilis, righneas).
Aithnítear mórán cineálacha de phairilis cheirbreach anois agus déantar cur síos orthu mar seo:
Cineálacha:Cuir in Eagar
CúramCuir in Eagar
Ní thagann athrú ar an bpairilis cheirbreach go hiondúil,. Ach bíonn daoine aonair in ann déileáil níos fearr lena gcuid deacrachtaí de réir mar a théann siad in aois, mar shampla Christy Brown sa 20ú haois in Éirinn.
Féach freisinCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ sess.ie. "CUID 8: Míchumais Fhisiceacha". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ gaelscoileanna.ie. "Michumas Fisiceach". Dáta rochtana: 2020.
|
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Cerebral palsy |