Prótasón, speiceas mionorgánaigh aoncheallaigh, ubhchruthach, suas le .33 mm ar fhad. Dhá núicléas atá ann, micreanúicléas is macranúicléas. Itheann sé baictéir. Go cothrom ar fud an dromchla tá fabhráin, cosúil le ribí gruaige. An-choiteann i ngnáthóga uisciúla.