Cathair in California, sna Stáit Aontaithe is ea Pasadena. Tá sé suite i nGleann San Gabriel i lár Chontae Los Angeles ar thaobh thuaidh chathair Los Angeles. Is é an 9ú cathair is mó sa chontae agus an dara ceann a bunaíodh (1886). Sa bhliain 2013, measadh 139,731 duine a bheith ina gcónaí ann. Ionad mór cultúir sa cheantar é.[1]
Pasadena, California |
---|
Pasadena (en)  |
|
|
|
  |
|
Suíomh |
---|
|
|
Daonra |
---|
Iomlán |
137,122 (2010)  |
---|
Teach cónaithe |
56,718 (2020)  |
---|
Tíreolaíocht |
---|
Achar dromchla |
59.901735 km²  |
---|
• Uisce |
0.6834 %  |
---|
Airde |
263 m  |
---|
Ar theorainn le |
|
---|
Sonraí stairiúla |
---|
Cruthú |
1886 |
---|
Eagraíocht pholaitiúil |
---|
• Ceannaire an rialtais |
Victor Gordo (en) (Samhain 3, 2020)  |
---|
Aitheantóir tuairisciúil |
---|
Cód poist |
91101, 91103, 91104, 91105, 91106, 91107 agus 91191  |
---|
Lonnaithe i gcrios ama |
|
---|
Glaochód |
626  |
---|
Eile |
---|
|
Suíomh gréasáin |
cityofpasadena.net  |
---|
Aithnítear an chathair as an Rose Bowl Game, cluiche Peil Mheiriceánaí a imrítear in Pasadena gach bliain agus as an bparáid Tournament of Roses, a thionóltar roimh an chluiche. Ina theannta sin, tá a lán institiúidí eolaíochta agus cultúir ann. [2] Ina measc úd tá an California Institute of Technology (Caltech), an Jet Propulsion Laboratory,[3] Pasadena City College, Fuller Theological Seminary, Art Center College of Design, an Pasadena Playhouse, Músaem Norton Simon agus Músaem an Aigéin Chiúin-na hÁise USC.