Bunaithe i 1839, deantóir uaireadóir agus clog sómasach is ea Patek Philippe SA atá lonnaithe i gCantún na Ginéive agus an Vallée de Joux. Ó 1932, tá sé faoi úinéireacht ag an teaghlach Stern. Tá Patek Philippe ceann de na deantóir uaireadóir is sine ar domhan le stair uaireadóireacht leanúnach ó bunaíodh é. Déanann sé amadóirí a dhearadh agus a mhonarú, chomh maith le hoibreacha, san áireamh cuid de na huaireadóirí meicniúla is casta riamh. Coinníonn an comhlacht níos mó ná 400 siopa miondíola ar fud an domhain agus dosaen ionad dáileacháin ar fud na hÁise, na hEorpa, Meiriceá Thuaidh, agus an Aigéine. I 2001, d’oscail siad an Músaem Patek Philippe sa Ghinéiv.

Uaireadóir ban a rinneadh Patek Philippe SA - timpeall 1960 - uaireadóir agus bráisléad déanta d'óir

Meastar go forleathan go bhfuil Patek Philippe ar cheann de na déantóirí is measúla ar domhan. Thar na blianta, i measc na bpatrún agus úinéir amadóra de Patek Philippe, tá Banríona Victoria, Banríon Eilís II, Banphrionsa Diana,[1] Pápa Pius IX, Marie Curie, Albert Einstein, John F. Kennedy, Nelson Mandela, Pablo Picasso, Pyotr Tchaikovsky, agus Leo Tolstoy.[2][3][4] Ó mhí na Nollag 2020 amach, i measc na ndeich n-uaireadóir is daoire a díoladh riamh ar ceant, tá ocht gcinn acu ó Patek Philippe. Go háirithe, tá an teideal don uaireadóir is daoire a díoladh riamh ar ceant ag an Patek Philippe Grandmaster Chime Ref. 6300A-010 faoi láthair (US$31.19 million/31 million CHF), agus faoi láthair tá teideal an uaireadóir póca is daoire a díoladh riamh ag ceant ag an Patek Philippe Henry Graves Supercomplication, (US$24 million/23,237,000CHF)). An uaireadóir meicniúl is casta riamh go dtí 1989,.

Stair cuir in eagar

Stair luath cuir in eagar

 
Antoni Patek
 
Adrien Philippe


Ar 1ú Bealtaine, 1839, in éineacht lena chomhpháirtí Franciszek Czapek, a rugadh i bPoblacht na Seice freisin. Rinne an uaireadóirí Polainnis Antoni Patek, Patek, Czapek & Cie a cruthú i Ginéiv agus thosaigh siad ag déanamh uaireadóirí póca. Ar an lámh eile, go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh Adrien Philippe an uaireadóirí Francach a chum an mheicníocht thochraiste gan eochair i bpáirt le Patek agus lean sé ar aghaidh sa ghnó uaireadoirí le comhlacht nua, Patek & Cie, a thosaigh 15 Bealtaine, 1845.


Ar 1 Eanáir 1851, d’athraigh ainm an chomhlachta go hoifigiúil go dtí Patek, Philippe Cie. Sa bhliain chéanna, ag an Taispeántas Mór I Londain fuair an Banríon Victoria crochadán gan eochair. Bhí an t-uaireadóir maisithe le diamaint rós-ghearrtha socraithe i bpatrún bouquet na bláthanna.[5] Bhí timepiece Patek Philippe eisiach eile ag an mBanríon, a bhí le caitheamh pinn ar éadaí. Bhí an clog ar fionraí ó dealg diamanta agus cruan.[6][7] Sa bhliain 1868, chruthaigh Patek Philippe an chéad uaireadóir Eilvéiseach don Chuntaois Koscowicz na hUngáire.[8]

I mí an Mhárta 1877, fuair Antoni Patek bás in aois a 65, ach níor tháinig a mhac amháin, Léon Mecyslas Vincent, isteach sa ghnó.[5] [9] Mar thoradh air sin, tháinig Joseph Antoine Bénassy-Philippe, duine de chlann mhac Adrien Philippe, i gcomharbacht ar phost Antoni Patek.[9] Sa bhliain 1887, rinneadh lógó cuideachta chláraithe Patek Philippe ar Calatrava Cross.[10] Sa bhliain 1891, thug Adrien Philippe, 76 bliain d'aois, a phost sa ghnó dá mhac is óige Joseph Emile Philippe, in éineacht le Francois Antoine Conty.[9] [11] Fuair Adrien Philippe bás i mí Eanáir 1894.[11]

Athstruchtúrú cuideachta cuir in eagar

I 1901 claochlú Patek Philippe ina chuideachta chomhstoic, Ancienne Manufacture d'horlogerie Patek, Philippe & Cie, Société Anonyme, arna thionscnamh ag JA Bénassy-Philippe agus Joseph E. Philippe.[9] [11] [12] Fós á reáchtáil mar ghnó teaghlaigh, bhí seacht scairshealbhóirí ag Patek Philippe, 5 acu a bhunaigh an bord stiúrtha le J.A Bénassy-Philippe mar an cathaoirleach. Níos déanaí, chuaigh mac Joseph E. Philippe agus sliocht deireanach de bunaitheóirí isteach sa chuideacht agus bhí sé ar an sliocht deiridh de bhunaitheoirí an ghnó. I 1915, d’ordaigh Albert Einstein uaireadóir póca óir ó Patek Philippe, sa bhliain sin, chríochnaigh sé a a Theoiric na Coibhneasachta Ginearálta.

Is le muintir na hEilvéise Stern Patek Philippe ó 1932 nuair a fuair Charles Stern agus Jean Stern an chuideachta le linn an Spealadh Mhóir.[13]Bhí cuideachta na ndeartháireacha Stern, Fabrique de Cadrans Sterns Frères, ina chomhpháirtí de Patek Philippe mar a sholáthróirí aghaidh uaireadóir. I 1935, thug Henri Stern Watch Agency atá lonnaithe in Nua-Eabhrac, Patek Philippe isteach i margadh Mheiriceá, áit ar díoladh é mar chomhbhranda in éineacht le Universal Genève.

I 1958, tháinig Henri Stern, mac Charles Stern, ina uachtarán Patek Philippe. Ghlacfadh Alan Banbery, a dhear gluaiseachtaí Universal “Compax” roimhe seo agus a d’oibrigh mar horologist do Garrard & Co Londain, le post an Stiúrthóra Díolacháin i 1965 agus níos déanaí a d’údar leabhair tagartha oifigiúla ar uaireadóirí póca seanré Patek Philippe agus cronagraif .

Forbairt le déanaí cuir in eagar

I 1993, tháinig mac Henry Stern ina uachtarán ar an gcuideachta. I 1966, chuir sé tús leis an iris Patek Philippe a foilsíodh dhá uair sa bhliain agus agus coimeádtar é d’úinéirí na n-uaireadóirí. Tá tuairimí faighte aige ó scríbhneoirí iomráiteach lena n-áirítear Buaiteoirí Ghradam Nobel, Gao Xingjian agus José Saramago. Agus i 2009, tháinig mac Philippe Stern, Thierry Stern i gceannas óna athair i 2010. I 2010, tháirg an chuideachta 40,000 uaireadóirí agus dar le Thierry Stern, tháirg sé 58,000 i 2017. I 2018, chuaigh an méid suas go dtí 62,00, agus d'fhonn cáilíocht agus eisiachas a chothabháil, ní dhéanfadh Patek Philippe ach méadú mall ar méid na n-amadóirí a tháirgtear gach bliain (1-3 faoin gcead in aghaidh na blaina) ach le uasteorainn. Faoi láthair, tá an chuideachta ball gníomhach den Cónaidhm Thionscal uaireadóir na hEilvéise.

Ó naP00í i leith, tá praghsanna arda faighte ag uaireadóir Patek Philippe I gceanntanna ar fud an domhain arís agus arís eile. Ó 2018, I measc na deich n-uaireadóir is daoire a díoladh ag ceantanna, tá seacht gcinn acu uaireadóirí Patek Philippe. I measc na 58 uaireadóirí is daoire a díoladh ag ceant (níos mó ná 2 mhilliún dollar SAM), tá 46 acu uaireadóirí Patek Philippe. Tá cuid bheag den éileamh ar phíosaí ceant á spreagadh ag Patek Philippe féin, mar go bhfuil siad féin ah ceannach sa mhargadh ceant chun cur leis an mbailiúchán sa Mhúsaem Patek Philippe sa Ghinéiv.

Mana agus sluán cuir in eagar

Ceann de na mana atá ag cuideachta Patek Philippe ná “Ní leatsa Patek Philippe i ndáiríre, níl tu ach a tabhairt aire dó don chéad ghlúin eile”. Tugadh isteach an mana nuair a sheol an chuideachta a feachtas “Generations” i 1966.

Monraíocht uaireadóirí cuir in eagar

 
Uaireadóir póca sa bhailiúchán Patek Philippe atá ag Tiffany & Co., miondíoltóir údaraithe agus comhpháirtí gnó mór le chéile de Patek Philippe.

Déanann Patek Philippe a chuid compháirteanna uaireadóir féin. Cosúil le monaróirí eile na hEilvéise, den chuid is mó táirgeann an chuideachta gluaiseachtaí meicniúla le meicníocht uathoibríoch nó meicníocht thochraiste, ach tá uaireadóirí grianchloch á dtáirgeadh aige freisin. Go deimhin, bhí Patek Philippe ceann de na fiche cuideachta uaireadóir na hEilvéise a bhunaigh an Center Electronique Horloger agus a d’fhorbair go comhoibríoch na chéad ghluaiseachtaí grianchloch na hEilvéise, cosúil le an gluaiseacht Beta 21 (1969) a d’úsáid roinnt déantóirí ina gcuid uaireadóirí féin. Sna 1950idí, tháirg an chuideachta fréamhshamhail le haghaidh uaireadóir digiteach meicniúil, Uimh. 3414, fiú.

Rinne Patek Philippe tóir ar castachtaí cosúil leis an bhféilire buanghluaisne, lámh soicindí, chronagraf, athsheoltóra nóiméid i n-uaireadóirí meicniúla. I 2009, d'fhógair an chuideachta go ndéanfaí a chuid amadóir meicniúla a dhéanfar sa todhchaí a inphriontáil le Séala Patek Philippe a éilíonn beachtas de -3/+2 soicind in aghaidh an lae le haghaidh trastomhais nach lú ná 20 mm agus -5/+4 soicind in aghaidh an lae le haghaidh trastomhais níos lú ná 20 mm,

Aireagáin agus paitinní suntasacha cuir in eagar

Tá os cionn 20 bunchaighdeán cruthaithe ag Patek Philippe agus tá os cionn 100 paitinn faighte aige. Seo a leanas cuid de na ranníocaíochtaí tábhachtacha ó Patek Philippe leis an tionscal faireacháin.

  • I 1845, phaitinn sé meicníocht thochraiste gan eochair, a fuair bonna cré-umha ag an 1844 Taispeántas Tionscail I bPáras.
  • I 1868, rinne sé an chéad uaireadóir na hEilvéise
  • I 1881, phaitinn sé a beacht-rialtán
  • I 1889, phaintinn sé meicníocht bhféilire buanghluaisne le haghaidh uaireadóirí póca
  • I 1902, phaintinn sé cronagraf dúbailte
  • I 1916, tháirg sé an chéad uaireadóir mban leis an gcasacht athsheoltóir 5 nóiméad (Uimh. 174 603, ar domhan)  
  • I 1923, sheol sé an chéad uaireadóir cronagraif soicindí-inroinnte ar domhan (Uimh. 124 8244).
  • I 1925, cruthaigh sé an chéad uaireadóir bhféilire buanghluaisne (Uimh. 97 975), sa bhliain 1898 cruthaigh sé dlúth gluaiseacht le haghaidh uaireadóir crochadáin.
  • I 1933, chruthaigh sé an Henry Graves Supercomplications, an uaireadóir meicniúla is chasta ar domhan (24 casachtaí) go dtí 1989.
  • I 1949, phaintinn sé an mheá Gyromax
  • I 1956, cruthaigh sé an chéad clog uile-leictreonach a fuair, i 1958, an "Gradam Miniaturization" i Nua-Eabhrac.
  1. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."" (en-US).[nasc briste go buan]
  2. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."" (en). Fortune.
  3. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  4. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  5. 5.0 5.1 Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Patek Philippe.
  6. Cf. Patek Philippe website official history timeline
  7. Timepieces for Royalty – 1850-1910 by Patek Philippe Curtha i gcartlann 2017-06-14 ar an Wayback Machine, Geneva : Patek Philippe Museum, 2005.
  8. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."" (en). www.patek.com.
  9. 9.0 9.1 9.2 9.3 Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."" (en). www.pragnell.co.uk.
  10. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". www.hautehorlogerie.org.
  11. 11.0 11.1 11.2 Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". www.brittons-watches.co.uk.
  12. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."" (en-US).
  13. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". www.bloomberg.com.