Patrick Suskind

scríbhneoir agus scríbhneoir scannán Gearmánach
Das Parfum (An Cumhrán)

Is scríbhneoir agus drámadóir Gearmánach é Patrick Süskind ( a rugadh in Ambach, an Ghearmáin, 26 Márta 1949).

Ghnóthaigh sé céimeanna sa stair ó ollscoil München agus ollscoil Aix-en-Provence. An t-úrscéal is clúití leis ná Das Parfum (An Cumhrán) a bhain cáil dhomhanda amach, agus a aistríodh i ndaichead teangacha.

Caitheann Süskind saol ciúin socair. Is annamh a théann sé faoi agallamh agus ní minic a fheictear ag ócáidí poiblí é.

SaotharCuir in Eagar

Rinneadh scannán de Das Parfum sa bhliain 2006.