Diagaí agus fealsamh Francach ba ea Pierre Abélard (1079 - 1142), agus é ar bhunaitheoirí an Scolaíochais. Chleachtadh sé an t-amhras mar mhodh oibre, ós é an t-amhras a chuireann ag tóraíocht na fírinne sinn. Ba é laoch an Ainmneachais é, cé nár mhol sé Ainmneachas Roscelin, scoláire nótálta eile. B'fhearr leis riamh an nithiúlacht ná na teibíochtaí.

Pierre Abélard
Abelard.jpg
ab

1125 -
Saol
Ainm iomlán Pierre Abélard
Eolas breithe Le Pallet, 1079 (Gregorian)
Náisiúntacht Ríocht na Fraince
An Fhrainc
Bás Chalon-sur-Saône, Aibreán 21, 1142
Áit adhlactha Héloïse and Abélard's tomb (en) Aistrigh
Abbaye Saint-Marcel-lès-Chalon (en) Aistrigh
Oratory of the Paraclete (en) Aistrigh
Église Saint-Laurent de Nogent-sur-Seine (en) Aistrigh
Museum of French Monuments (en) Aistrigh
Muintir
Céile/Céilí Héloïse d’Argenteuil (en) Aistrigh
Oideachas
Alma mater École cathédrale de Paris (en) Aistrigh
Teangacha An Laidin
Múinteoirí Roscelin de Compiègne
Guillaume de Champeaux
Mic léinn John of Salisbury (en) Aistrigh
Hilarius (en) Aistrigh
Robert of Melun (en) Aistrigh
Berengar of Poitiers (en) Aistrigh
Gairm
Gairm diagaire, fealsamh, cumadóir, teangeolaí, file, dírbheathaisnéisí, logician (en) Aistrigh, scríbhneoir agus religious (en) Aistrigh
Gluaiseacht Classical period (en) Aistrigh
scholasticism (en) Aistrigh
nominalism (en) Aistrigh
Creideamh
Reiligiúin Caitliceachas
Ord Beinidictigh

Deir Abélard nach bhfuil sna huilithe ach focail; ní feidir ciall a bheith leo ar aon dóigh eile. Má deir tú gur fíorchuid den saol iad na huilithe, is féidir leat a rá go bhfuil an tréith chéanna ag Sócraitéas agus ag an asal – is ainmhithe iad. Ach fágann sin gur rud réasúnach é an t-ainmhí sa mhéid go mbaineann sé leis an duine agus gur rud míréasúnach é sa mhéid go mbaineann sé leis an gcineál asal. Tá contrárthachtaí ag baint leis an rud céanna san iomláine, agus ní féidir an scéal a bheith amhlaidh.

Ní féidir an t-uilí a shamhlú le cnuasach rudaí, ó nochtann an cnuasach i ndiaidh na rudaí atá ina gcuid de. Ní féidir ach oiread an indibhid a shamhlú leis an iomlán, mar fágann sin gur iomaí Sócraitéas atá ann nó gurb ionann an méid indibhidí atá ann agus an méid uilithe, rud nach luíonn le réasún.

Deir sé gurb éard atá i ngach rud (lasmuigh de Dhia agus na haingil) foirm nó ábhar, nó cumasc foirme agus ábhair: is í foirm na deilbhe a cruth, rud ar cóiriú áirithe ábhair é. Fágann seo nach féidir an fhoirm a dhealú amach ón rud a chuireann in iúl í.