Plé:An Bhoirinn

(Athsheolta ó Plé:An Bhoireann)
Latest comment: 16 bliain ó shin by Nmacu

Úsáidtear "An Bhoirinn" sna liostaí logainmneacha agus sna téarmaí oifigiúla. Tá sé i gceist agam an teideal seo a athrú. Tuairimí? Nmacu 14:02, 12 Meitheamh 2007 (UTC)Reply

Bhuel, anois, is mór an fhadhb a tharraing tú anuas. Is é an difríocht atá idir An Bhoireann agus An Bhoirinn ná gur tuiseal tabharthach is ea é an dara ceann acu. Is cuimhin liom gur léigh mé i leabhar le Máirtín Ó Cadhain - "Ó Cadhain i bhFeasta", is dócha, ceann de na chéad leabhartha leis an gCadhnach a léigh mé riamh - ná go mbeadh sé ag luí níos fearr le sean-nós na Gaeltachta na logainmneacha a choinneáil sa tuiseal tabharthach. Bhuel, is é an fhadhb atá ag roinnt leis ná nach mbíodh na liostaí logainmneacha ag teacht le chéile nuair a scríobh an Cadhnach an scéal sin, agus dealraíonn sé nach mbíonn siad ró-loighciúil ina n-úsáid inniu féin, ach an oiread.
Is dócha go bhfuil "An Bhoirinn" níos cóngaraí don úsáid a bhí ann nuair a bhí an Ghaeilge beo i gContae an Chláir, ach ón taobh eile de, is é gnáthphrionsabal an Chaighdeáin Oifigiúil ná gan an tuiseal tabharthach a chleachtadh ach amháin i dteilgeanacha reoite cainte. Thairis sin, bíonn an leagan "An Bhoireann" le feiceáil go minic ag dea-scríbhneoirí - "An Sceoin sa Bhoireann" le Ré Ó Laighléis, cuir i gcás. Is é an moladh a bheadh agam faoi láthair ná "An Bhoireann" a choinneáil, ach "An Bhoirinn" a lua mar leagan malartach, agus leathanach athsheolta a chur ar bun ó "An Bhoirinn" go "An Bhoireann". Panu Petteri Höglund 16:57, 12 Meitheamh 2007 (UTC)Reply
Tá a fhios agam go bhfuil an Coimisiún Logainmneacha ag obair ar liostaí cuimsitheacha do na contaetha ar fad faoi láthair agus sílim go bhfuil sé tábhachtach go gcloíonn an Vicipéid leis na logainmneacha a fhoilsíonn siad. Tá an-chuid logainmneacha nach leanann gnáthphrionsabal an Chaighdeáin Oifigiúil. Foilsíodh An Bhoirinn mar logainm i gcás ceantar i gCo. Lú ach ní dóigh liom go bhfuil Co. an Chláir foilsithe acu fós. Tuigim go bhfuil An Bhoireann agus An Bhoirinn in úsáid i gcomhthéacsanna éagsúla. Fágfaimid rudaí mar atá siad go dtí go bhfoilsítear liosta Co. an Chláir. Cuirfidh mé do chuid moltaí i bhfeidhm. Nmacu 09:57, 13 Meitheamh 2007 (UTC)Reply
Return to "An Bhoirinn" page.