Plé:Athbheochan na Gaeilge

Latest comment: 4 bliana ó shin by Ériugena

Cainteoirí laethúla Gaeilge

Orthu siúd a labhraíodh Gaeilge go laethúil bhí cónaí ar 14,903 (20.2%) i gCathair Bhaile Átha Cliath agus sna bruachbhailte. Ba mhéadú 674 duine (4.7%) é seo i gcomparáid le 2011. Ba i gcathracha Chorcaí, na Gaillimhe agus Luimnigh le chéile a bhí 6,034 (8.2%) de chainteoirí Gaeilge laethúla. Lasmuigh de na cathracha seo bhí cónaí ar na dearbhlíonta ba mhó de chainteoirí laethúla i mBun Beag-Doirí Beaga (771). Sa dara áit bhí Leitir Ceanainn (525) agus sa tríú áit Sord (487).

Ba ionann líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i gceantair Ghaeltachta Chontae na Gaillimhe agus Contae Dhún na nGall agus trí cheathrú, nach mór, d’iomlán na gcainteoirí laethúla i gceantair Ghaeltachta: 9,445 (45.9%) i nGaillimh agus 5,929 (28.8%) i nDún na nGall. (Tagairt:https://www.cso.ie/en/baile/nuachtagusimeachtai/preasraitis/prraitis2017/prdaon16proifil10/ ) Ériugena (plé) 19:52, 1 Aibreán 2019 (UTC)Reply

Return to "Athbheochan na Gaeilge" page.